Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2018
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2018.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Toradh airgeadais an Státchiste don bhliain 2018
Costas na mbeart cobhsaíochta baincéireachta amhail deireadh 2018
Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid
Cuntasaíocht maidir le sócmhainní caipitil
Cuntasaíocht le haghaidh seirbhísí gaolmhara
Caiteachas faoi chonradh cothabhála
Suíomhanna a cheannach le scoileanna a sholáthar
Rialuithe ar mhaoiniú um chúnamh daonnúil
Idirbhearta airgeadais a bhaineann le gás ceaptha teasa
Deontais foraoiseachta
Maoiniú rialtais láir na n údarás áitiúil
Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Tráthúlacht phróiseáil na n-éileamh ar thacaíocht ioncaim
Seirbhís do chustaiméirí - forbairt foirmeacha iarratais tacaíochta ioncaim
Forbairt na n-ionad cúram príomhúil
Cláir luathfhoghlama agus chúram leanaí a sholáthar
Idirghabhálacha um chomhlíonadh cánach
Faoiseamh cánach ar léiriú scannán
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Ciste eascró Apple na hÉireann
Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann