Baintear úsáid as fianáin ar an suíomh seo. Trí leanúint den suíomh seo a bhrabhsáil, toilíonn tú don úsáid a bhainimid as fianáin. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár Ráiteas Príobháideachais.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar thrí réimse freagrachta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna – an Scéim Feitheoireachta agus Ionadaíochta in Iar-Bhunscoileanna, Comhlíonadh Conarthaí Fostaíochta in Institiúidí Teicneolaíochta, agus an Coimisiún um Dhrochúsáid Leanaí a Fhiosrú.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar chaiteachas fógraíochta agus promóisin FÁS sa tréimhse 2002–2008. Rinneadh scrúdú ann ar an rialú buiséid ar caiteachas fógraíochta agus promóisin, an straitéis fhoriomlán faoinar caitheadh é, agus an méid a ndearnadh measúnú ar a héifeachtacht.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar dhá réimse freagrachta de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil – Seirbhísí Uisce agus Seachadadh Tithíochta ar Phraghas Réasúnta.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar na príomhsheirbhísí uile cóireála agus athshlánúcháin maoinithe go poiblí a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil andúil acu i ndrugaí neamhdhleathacha.
Rinneadh athbhreithniú sa scrúdú seo ar amscála, costas agus éifeachtúlacht trí cinn de mhórbhinsí fiosrúcháin atá ag teacht chun críche. Ba iad na binsí fiosrúcháin a ndearnadh scrúdú orthu ná Binsí Fiosrúcháin Mahon, Morris agus Moriarty.
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil speisialta seo ar bhainistiú Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an mbailiúchán náisiúnta ina bhfuil tuairim agus 4 mhilliún mír oidhreachta, go háirithe i ndáil le doiciméadú na mbailiúchán seo agus an rochtain atá ag an bpobal agus ag taighdeoirí orthu.
Déantar athbhreithniú sa scrúdú seo ar an gcaoi lena bhforbraíodh an clár i dtéarmaí ama, costais agus seachadadh. Déantar scrúdú ann chomh maith ar an dul chun cinn i réimsí athnuachana eacnamaíche agus sóisialta, agus na dúshláin atá fós ann roimh chríochnú rathúil an chláir athnuachana.
I dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an Oifig Luachála, déantar scrúdú ar na socruithe le haghaidh soláthar seirbhísí luachála d’údaráis rátaíochta agus do chomhlachtaí poiblí; ar an dul chun cinn i bhfeidhmiú an chláir athluachála; agus ar an gcaoi lena ndéantar bhainistiú ar fheidhmíocht fhoriomlán.
I dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar fheidhmiú córais faisnéise bainistíochta sna hInstitiúidí Teicneolaíochta, déantar scrúdú ar cé chomh maith is a déileáladh le bainistiú córas soláthair agus an chonarthacht bhainteach; ar cé chomh maith is a cuireadh i gcrích an tionscadal feidhmithe; ar cé acu ar baineadh nó nár baineadh amach cuspóirí an tionscadail, agus ar mhéid sástachta na n-úsáideoirí leis na córais feidhmithe.
Rinneadh an scrúdú chun deimhniú a thabhairt i leith an méid atá ranna rialtais agus gníomhaireachtaí ag soláthar faisnéise agus seirbhísí ar líne agus an méid úsáide atá á baint acu as an teicneolaíocht idirlíon-bhunaithe chun a n-éifeachtúlacht a fheabhsú.