Tuarascáil Speisialta 105 - Idirbhearta na hÉireann leis an AE in 2017

Foilsithe 27 Feabhra 2019

Achoimre

Tá de dhualgas ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh (an tAontas), de bhua a mballraíochta, ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséad an Aontais. Ag an am céanna, faigheann ballstáit maoiniú ón Aontas ar roinnt bealaí éagsúla.

Ní ann d’aon fhoinse ar leith a thugann léargas ar idirbhearta airgeadais na hÉireann leis an Aontas, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le buiséad an Aontais, an maoiniú a fhaigheann sí, ceartúcháin airgeadais agus nithe eile a imríonn tionchar ar shreabhadh an airgid. Tá leagtha amach sa tuarascáil seo faisnéis ar idirbhearta airgeadais idir Éire agus an tAontas d’fhonn léargas cuimsitheach a thabhairt ar an scéal.

Maoinítear buiséad an Aontais den chuid is mó (níos mó ná 90% de ghnáth) ó ‘acmhainní dílse’ arna bhfoinsiú ó na ballstáit. Tá uasteorainn curtha leis an ráta ranníocaíochta acmhainní dílse ó bhallstáit — ní mó ná 1.23% d'ollioncam náisiúnta comhiomlán na mballstát faoi láthair.

Ó thaobh airgeadais de, fuair Éire ní ba mhó ón Aontas ná mar a thug sí go dtí an bhliain 2014. Ó shin i leith, faigheann Éire beagán níos lú ná mar a thugann, mar atá léirithe i bhFíor 1. Ba é €2 billiún an ranníocaíocht i 2017. Tugann na réamh-mheastacháin airgeadais le fios go dtiocfaidh méadú suntasach ar ranníocaíochtaí na hÉireann le buiséad an Aontais sna blianta amach romhainn.

Tá ceangail fhadtéarmacha ar Éirinn freisin de bhua a ballraíochta san Aontas. Ar ndóigh, bíonn neamhchinnteacht ag baint leis na ceangail sin. Cé gur dócha go mbeidís suntasach, ní ann d’aon mheastachán ar a luach.

EU 2017 graph - Irish

Tá geallta ag an Aontas go gcaithfear €1,087 billiún (ar phraghsanna 2018) idir 2014 agus 2020 faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha (CAI). Tá an idirbheartaíocht maidir leis an CAI don tréimhse dar tús 2021 ar bun cheana féin. Tá an idirbheartaíocht sin iontach tábhachtach toisc go socrófar an caidreamh airgeadais sa mheántéarma agus san fhadtéarma dá réir.

Fuair Éire maoiniú €1.8 billiún ón Aontas in 2017. Bhain breis is 80% den fhigiúr sin le cúrsaí talmhaíochta agus forbartha tuaithe. Cuireann an maoiniú sin go mór le hinmharthanacht na feirmeoireachta in Éirinn.

Thart ar 90% den mhaoiniú a fuarthas ón Aontas in 2017, rinneadh é a riar trí ranna rialtais láir. Téann an 10% eile caol díreach chuig comhlachtaí poiblí, an earnáil phríobháideach agus comhlachtaí de chuid an Aontais. Ní ann d’aon fhorbhreathnú comhdhlúite ar na fáltais, agus ní úsáidtear an cur chuige cuntasaíochta céanna i ndáil le hidirbhearta AE i ngach scéim.

Tá tugtha le fios in athbhreithniú de chuid an Choimisiúin Eorpaigh go ndearna Éire ní ba mhó dul chun cinn ná meán an Aontais i dtaobh tionscadail a roghnú le haghaidh cistiú struchtúrach. Éiríonn go réasúnta maith le hÉirinn leas a bhaint as na cistí struchtúracha a bhíonn ar fáil chomh maith.

Cé gur ar an gCoimisiún Eorpach a bhíonn an fhreagracht as buiséad an Aontais a bhainistiú ar deireadh thiar, tá freagrachtaí maoirseachta agus iniúchóireachta ar roinnt comhlachtaí mar sin féin. Na ceartúcháin airgeadais a dhéantar tar éis iniúchadh a dhéanamh ar idirbhearta AE, ní bhaineann mórán acu le hÉirinn i gcomparáid le ballstáit eile. Mar shampla, i gcás na gceartúchán a rinneadh i leith chaiteachas na hÉireann faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sa tréimhse idir 1999 agus 2017, níor bhain siad ach le 0.4% den mhaoiniú iomlán a fuarthas. Thuairiscigh an Coimisiún Eorpach gur bhain roinnt mhaith ceartúcháin airgeadais (2.9%) le maoiniú a fuair Éire faoin CERT agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) sa tréimhse idir 2007 agus 2013. Is é fírinne an scéil, áfach, gur tharraing Éire an maoiniú sin síos de bharr gur cuireadh caiteachas incháilithe eile in ionad an chaiteachais a measadh a bheith neamh-incháilithe.