Tuarascáil Speisialta 90 – Bainistiú an Tionscnaimh Trasteorann: An Tionscadal Bytel

Foilsithe 03 Márta 2015

Tá tuarascáil speisialta curtha i gcrích ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhainistiú tionscnaimh trasteorann leathanbhanda (Tionscadal Bytel). Tugadh faoin tionscadal Bytel chun nascacht leathanbhanda ardluais a sholáthar idir Béal Feirste, Craigavon, Ard Mhacha, Dún Dealgan agus Baile Átha Cliath. Bhí sé beartaithe go maoineofaí an tionscadal faoi Intereg III, agus tuairim is trí cheathrú den mhaoiniú le bheith curtha ar fáil ag an AE agus an chuid eile trí chó-mhaoiniú curtha ar fáil ag na ballstáit.

Déantar scrúdú sa tuairisc seo ar ról na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i mbainistiú an tionscadail. Tá an tuarascáil ina thoradh ar scrúdú comhordaithe idir Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann.

Achoimre

Tá an Comhlacht um Chláir Speisialta Aontais Eorpaigh (SEUPB) ar cheann de na comhlachtaí trasteorann a bunaíodh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is é ról an SEUPB ná bainistiú a dhéanamh ar chláir trasteorann Aontais Eorpaigh (AE) um chistí struchtúrach i réigiún na teorann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Déanann na hArd-Reachtairí Cuntas agus Ciste in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann an SEUPB a chomh-iniúchadh.

Is clár AE é Interreg a bhfuil sé mar chuspóir aige comhoibriú a spreagadh idir réigiúin an AE trí bhearta a chuirtear i gcrích ar bhonn trasteorann. Déantar maoiniú ar tríd an gCiste Forbartha Réigiúnach Eorpach (CFRE), agus cuireann ballstáit có-mhaoiniú ar fáil. Mar an údarás ainmnithe bainistíochta, bhí an SEUPB freagrach as an gclár Interreg III a bhainistiú agus a sheachadadh in Éirinn.

Rith Interreg III ó 2000 go 2006 agus b’éigean na tionscadail uile a maoiníodh faoin gclár a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2008 (cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin go dtí Meitheamh 2009). Chuir an AE 74% den mhaoiniú Interreg III ar fáil, agus chuir dhá bhallstát an chuid eile (26%) ar fáil (tugtar có-mhaoiniú air seo). Bhí sciar an chó-mhaoinithe éagsúil le haghaidh tionscadail éagsúla. Tugtar cistí meaitseála ar an gcó-mhaoiniú a chuireann ballstáit ar fáil..

Déantar scrúdú sa tuairisc seo ar thionscadal (an tionscadal Bytel) a raibh sé mar aidhm aige nascacht leathanbhanda ardluais a sholáthar idir Béal Feirste, Craigavon, Ard Mhacha, Dún Dealgan agus Baile Átha Cliath. Bhí sé beartaithe go maoineofaí an tionscadal seo faoi Interreg III, ach mar gheall ar mhírialtacht, tarraingíodh siar ón gclár é. Toisc gur tarraingíodh an tionscadal siar tar éis spriocdháta mhí an Mheithimh 2009 chun caiteachas a chur ar fáil trí Interreg III, ní rabhthas in ann an €3.79 milliún a rabhthas ag súil leis go n-aisghabhfaí é faoin gclár Interreg, nach rabhthas in ann é a aisghabháil agus ní fhéadfaidh tionscadail incháilithe eile a chur ina áit.

Tá an tuarascáil ina thoradh ar scrúdú comhordaithe idir Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann (NIAO).

An Tionscadal Bytel

Fuair an tionscadal Bytel maoiniú faoi bheart sonrach Interreg III a raibh sé mar aidhm aige bonneagar eacnamaíoch idir-réigiúnach a fheabhsú, lena n-áirítear cumarsáid leathanbhanda. Cheap an SEUPB an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (RCFAN) in Éirinn agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta (RFTI) i dTuaisceart Éireann, mar chomhghníomhairí feidhmiúcháin i leith an bhirt sin.

I mí Dheireadh Fómhair 2004, tairgeadh maoiniú €4.3 milliún do Bytel Networks Limited (Bytel), comhlacht bunaithe i mBéal Feirste, le haghaidh an tionscadail i leith costais iomlána mheasta thuartha de €12.4 milliún – an maoiniú deontais féideartha uasta bunaithe ar an uas-teorainn ráta deontais 35%. Is éard a bhí sa tairiscint deontais ná €3.79 milliún de mhaoiniú CFRE agus €0.51 milliún i maoiniú meaitseála. Chuir an RCFAN €2.27 milliún ar fáil, agus an maoiniú meaitseála uile san áireamh, agus €2.03 milliún ag an RFTI.

Íocadh deontais €4.3 milliún in iomlán le Bytel idir Nollaig 2004 agus Nollaig 2005. Is é an chonclúid a bhí ag athbhreithniú le sainchomhairleoir in 2013 ná go raibh an costas a bhain leis an tionscadal a sheachadadh go mór níos lú ná an €12.4 milliún, ar a raibh an deontas €4.3 milliún bunaithe. Is é an chonclúid a bhí ag an sainchomhairleoir ná gur thabhaigh Bytel costais iomlána €3.93 milliún, agus ar an mbonn seo, an deontas uasta iníoctha a bheadh ann ná díreach faoi €1.4 milliún.

Fuarthas an maoiniú AE do Interreg III ar ais trí éilimh ar íocaíocht ón CFRE. In 2012, tarraingíodh an tionscadal Bytel siar ón éileamh deiridh íocaíochta tar éis athbhreithniú sonraithe le sainchomhairleoirí a choimisiúnaigh an SEUPB, a raibh an chonclúid acu nach raibh 97% den caiteachas a d’éiligh Bytel incháilithe le haghaidh cúnamh deontais faoin gclár Interreg.

Is é an caillteanas iomlán do Státchiste na hÉireann ón tionscadal Bytel ná €2.27 milliún. Is éard atá ann ná €1.76 milliún i maoiniú Státchiste do Bytel ar an tuiscint go mbeadh sé incháilithe le haghaidh aiséileamh faoi Interreg III agus €0.51 milliún i maoiniú meaitseála Stáit a íocadh le Bytel chomh maith.

Mar thoradh ar athbhreithniú fóiréinseach le sainchomhairleoirí in 2011, aithníodh laigí troma i mbainistiú agus maoirseacht an tionscadail ag na comhghníomhairí feidhmiúcháin. Fuarthas i luacháil in 2013, áfach, gur bhain an tionscadal a chuid cuspóirí amach.

Róil na gcomhghníomhairí feidhmiúcháin

Ní aontaíonn an dá Roinn faoi na freagrachtaí a bhí ag an dá Roinn i ndáil leis an tionscadal.

Bhí freagracht chomhionann ag an dá Roinn as an gclár a riar faoi théarmaí na gcomhaontuithe seirbhíse a bhí ag an dá Roinn leis an SEUPB. Tá sé sonraithe ag an RCFAN, áfach, gur ghlac, i gcleachtas, sé féin nó an RFTI an ról ceannais i láimhseáil agus próiseáil laethúil na n-éileamh íocaíochta i leith tionscadail aonair, agus gur tagraíodh don Roinn a bhí ag feidhmiú an róil ceannais mar an ‘ngníomhaire feidhmiúcháin ceannais’. Shonraigh an RCFAN, ina thuairim féin, gurb é an RFTI an gníomhaire feidhmiúcháin ceannais don tionscadal Bytel.

Sonraíonn an RFTI, ar an láimh eile, nár sainmhíníodh ról an ghníomhaire feidhmiúcháin ceannais le haghaidh Interreg III agus go raibh freagracht chomhionann ag an dá Roinn mar chomhghníomhairí feidhmiúcháin.

Cé go bhfuil comharthaí ann go raibh socrú neamhfhoirmiúil i bhfeidhm a chiallaigh gurb é an RFTI an gníomhaire feidhmiúcháin ceannais, bhí freagrachtaí soiléire ag an RCFAN faoina chomhaontú leis an SEUPB. Rinneadh na rialuithe i leith íocaíochtaí tionscadail níos casta nuair a cheap an RTFI agus an RCFAN gníomhaire bainistíocht, Western Connect, chun saineolas teicniúil, dlíthiúil agus airgeadais a chur ar fáil maidir le breithmheasúnú, roghnúchán agus feidhmiú an bhirt.

Measúnú agus breithmheasúnú tionscadail

I mí an Mheithimh 2004, diúltaíodh an chéad togra a thíolaic Bytel mar gheall ar chúrsaí tacaíochta. Rinneadh measúnú ar iarratas athbhreithnithe i mí Iúil 2004 agus is ar éigean gur phasáil sé an tairseach a teastaíodh le haghaidh maoiniú tionscadal. Bhí roinnt easnamh sa bhreithmheasúnú.

  • Bhí easnaimh sa sainmhíniú ar an méid a bhí le seachadadh ag Bytel agus easpa soiléire maidir le foinse agus úinéireacht na sócmhainní a mbeadh gá leo chun an tionscadal a sheachadadh.
  • Is beag an fhianaise a bhí sa bhreithmheasúnú chun tacú le costais tionscadail.
  • Maidir le comhpháirtíocht idir Bytel agus an chuideachta Aurora Telecom (Aurora), a raibh sé léirithe sa togra tionscadail go raibh sé le luach €7.8 milliún a thabhairt don tionscadal, measadh go raibh géarghá leis an gcomhpháirtíocht chun go n-éireodh leis an tionscadal. Is cosúil, áfach, nach raibh an caidreamh ag ceachtar den dá Roinn le Aurora le deimhniú go raibh comhpháirtíocht ann idir Aurora agus Bytel.
Athrú don tsonraíocht tionscadail

Faoi théarmaí na litreach tairisceana ón RFTI agus RCFAN, iarradh ar Bytel ceadú a fháil ón dá Roinn i ndáil le haon athruithe suntasacha don tionscadal.

I mí na Nollag 2004, dhá mhí tar éis do na Ranna a litir thairisceana a eisiúint, tharraing Aurora siar ón tionscadal an tairiscint tacaíochta a bhí aige. Faoin tráth seo, íocadh €1.6 milliún cheana féin le Bytel. I mí Mheán Fómhair 2005, rinne Bytel comhaontú le cuideachta ar a tugadh Eircom UK faoina dtabharfadh Eircom UK rochtain ar a mbonneagar reatha i dTuaisceart Éireann, agus, mar mhalairt air sin, go dtabharfadh Bytel faoi leagan cáblaí snáithín breise a chríochnú i dTuaisceart Éireann.

D’athraigh an comhaontú seo nádúr an tionscadail ó líonra a thógáil ar cháblaí reatha (bonneagair) go dtí tionscadal inar sheachaid Eircom UK leithead banda (seirbhís). Ba é éifeacht an chomhaontaithe seo ná costais iomlána an tionscadail Bytel a laghdú faoi €4.8 milliún, nó 39%. In ainneoin na n-athruithe seo, ní dhearnadh aon athbhreithniú ar an tionscadal ná ar an tairiscint tacaíochta deontais agus níor eisíodh aon cheadú i scríbhinn chun go leanfaí leis an tionscadal athbhreithnithe.

Éilimh deontais a sheiceáil agus a údarú

Faoi na comhaontuithe seirbhíse idir an SEUPB agus an dá Roinn, iarradh go mbeadh íocaíochtaí deontais ón SEUPB leis an tionscadal bunaithe ar éilimh a bheadh fíoraithe ag na comhghníomhairí feidhmiúcháin agus go mbeadh sé ceadaithe acu mar chaiteachas incháilithe.

Idir Samhain 2004 agus Samhain 2005, thíolaic Bytel ceithre éileamh deontais €4.3 milliún in iomlán. Ní raibh aon tacaíocht ná fianaise fíorúcháin i gceist leis an éileamh deiridh a raibh €2.07 milliún ann. Ina ainneoin seo, íocadh na héilimh ina n-iomlán.

Bhraith an RCFAN ar an RFTI agus ar shainchomhairleoirí eile le haghaidh dearbhú go raibh an caiteachas a d’éiligh an tionscnóir tionscadail bailí, agus measadh nach raibh aon ról aige sa réimse seo. Léiríodh sa chur chuige a bhí ag an RCFAN go raibh easpa feasachta i leith na rioscaí i gcúinsí ina raibh sé ag brath ar dhreamanna eile le haghaidh dearbhú faoi bhailíocht íocaíochtaí agus ní raibh aon fhianaise ann lé léiriú go raibh rialuithe ná seiceálacha cuí curtha ar bhun aige.

Líomhaintí faoin tionscadal Bytel a láimhseáil

I mí an Mheithimh 2006, rinne stiúrthóir de chuid Bytel líomhaintí leis an RFTI i ndáil le cleachtais bhréagacha cuntasaíochta agus le haistarraingt cistí ar chóir a bheith curtha i leataobh le haghaidh thionscadal Bytel. Reáchtáil an RTFI imscrúdú inmheánach agus tháinig ar an gconclúid nach raibh gá le tuilleadh gnímh. Ní raibh imscrúdú an RTFI sách dian ná neamhspleách agus ní raibh fianaise ná doiciméid tacaíochta dhóthanacha ann chun tacú leis an gconclúid.

Cuireadh an RCFAN ar an eolas faoi na líomhaintí trí ríomhphost ón RTFI i mí an Mheithimh 2006 agus thug an RTFI moladh freastal ar chruinniú leis an duine a rinne na líomhaintí. Níor fhreastail aon ionadaí ón RCFAN ar an gcruinniú, ach cuireadh miontuairiscí an chruinnithe ar fáil dó. Léiríonn doiciméid inmheánacha an RCFAN go raibh sé sásta gur sheiceáil an RTFI go raibh éilimh Bytel dlisteanach agus go ndéanfaí an tionscadal a sheachadadh de réir na litreach tairisceana.

In 2008, rinne sceithire líomhaintí breise faoin tionscadal le hOifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann (OITÉ), agus chuir an OITÉ na líomhaintí ar aghaidh chuig an Roinn Geilleagair. Choimisiúnaigh an Roinn Geilleagair athbhreithniú seachtrach ar an tionscadal, rud a cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2009. Fuair an sainchomhairleoir gur cosúil go dteastófaí go ndearbhódh an RTFI mírialtachtaí don AE i ndáil leis an tionscadal. Ní cuireadh an RCFAN ar an eolas, áfach, faoi mhírialtacht líomhnaithe go dtí mí na Nollag 2010.

Ina dhiaidh sin, rinneadh athbhreithniú eile ar an tionscadal, a choimisiúnaigh an SEUPB thar ceann coiste ionadaithe ó ranna cuí. Fuarthas an méid seo sa tuairisc i mí an Mhárta 2012

  • níor chóir 97% (€4.2 milliún) den €4.3 milliún a íocadh le Bytel a bheith íoctha toisc go raibh sé bunaithe ar chaiteachas neamh-incháilithe
  • bhí bainistiú an tionscadail neamhleor ar roinnt bealaí, lena n-áirítear údarú íocaíochtaí deontais i leith caiteachais a bhí soiléir go raibh sé neamh-incháilithe, nó tháinig de bheith neamh-incháilithe ón uair a d’athraigh an tionscadal, nó ar chóir ceisteanna troma a bheith curtha ina thaobh
  • loiceadh imscrúdú ceart a dhéanamh ar líomhaintí 2006 agus loiceadh gníomhú ar bhealach tráthúil i leith na gceisteanna a d’ardaigh an sceithire i mí an Mheithimh 2008.
Cumarsáid idir na gníomhairí feidhmiúcháin

Ba ar bhonn ad hoc a bhí cumarsáid idir an RCFAN agus an RTFI mar chomhghníomhairí feidhmiúcháin. Bhí sé seo míchuí i gcás tionscadal tábhachtach bonneagair idir-réigiúnach a bhí ag fáil deontais €4.3 milliún agus fo-bheart a raibh caiteachas foriomlán €8 milliún i gceist leis. Féadfaidh sé go raibh an loiceadh socruithe cuí cumarsáide a chur ar bhun ina fhachtóir rannpháirteach don droch-roinnt faisnéise ag an RTFI leis an RCFAN.