Nochtuithe Cosanta
Is éard atá san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 ná reachtaíocht a achtaíodh chun cosaint a thabhairt d’fhostaithe ar mian leo ábhar imní a tharraingt anuas i ndáil le héagóiritheoireacht fhéideartha san ionad oibre. Leagtar síos san Acht roinnt bealaí ar féidir nochtuithe a dhéanamh le duine ‘forordaithe’ seachtrach.
Faoin Acht, iarrtar ar gach comhlacht poiblí an méid seo a leanas a dhéanamh
- nósanna imeachta a chur ar bun agus a chothabháil chun déileáil le nochtuithe cosanta; agus
- faisnéis scríofa a sholáthar d’oibrithe i dtaca leis na nósanna imeachta seo
Ról an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Is duine ainmnithe faoin reachtaíocht é an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Fágann sé sin go bhféadfar nochtuithe a dhéanamh leis an oifig faoi aon ábhar a bhaineann le húsáid mhíchuí cistí agus acmhainní poiblí nó le luach ar airgead i leith na n-eintiteas atá laistigh de théarmaí tagartha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Glactar go dáiríre le gach nochtadh, is cuma an chaoi a ndearnadh é agus déantar gach iarracht aghaidh a thabhairt go cuí ar na ceisteanna a tarraingíodh anuas.
Chun eolas a fháil ar pholasaithe agus nósanna imeachta Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i ndáil leis an Acht, cliceáil anseo.
Cén chaoi le nochtadh a dhéanamh
Chun nochtadh a dhéanamh d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,
glaoigh ar: 01 8638600
nó scríobh chuig: An Rúnaí Príobháideach
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,
3A Sráid an Mhéaraigh Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 PF72
nó r-phost a sheoladh chuig: privatesecretary@audit.gov.ie
Ba chóir an méid seo a leanas a bheith i nochtadh:
- Ainm agus sonraí teagmhála an duine atá ag déanamh an nochta
- Ainm na heagraíochta (na n-eagraíochtaí) atá i gceist
- An oiread mionsonraí agus is féidir faoi na hábhair imní
- má chuirtear aon fhianaise atá ar láimh ar fáil ba chabhair é sin don Oifig maidir le cinneadh measúnaithe a dhéanamh.
Má thugtar ainm agus sonraí teagmhála an té atá ag déanamh an nochta, admhóimid an nochtadh laistigh de 7 lá oibre.