Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2019
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos
Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2019
Toradh airgeadais an Státchiste don bhliain 2019
Maoiniú rialtais láir na n-údarás áitiúil
Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid
Smacht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Cur chun feidhme seirbhísí comhroinnte bainistíochta airgeadais
Moill ar tháillí abhcóide a bheith á n-íoc ag Oifig an Príomh - Aturnae Stáit
Seirbhísí lónadóireachta agus coimhdeacha i bpríosúin
Bainistíocht an eastáit scoileanna
Láithreán líonta talún a Fheabhsú
Bainistíocht agus tuairisciú airgeadais d’ionaid iascaigh cuain
Tomhas feidhmíochta do chaiteachas Státchiste ar thithíocht shóisialta
Dul chun cinn faoin Scéim Chomhiomlánaithe Talú
An Scéim um Leasúchán Piríte
Bainistíocht achomharc cánach
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Ciste Bhanc Taisce an Phoist
Ciste eascró Apple na hÉireann
Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann