Tuarascáil Speisialta 101 - Samhail um Aibíocht Bainistíochta Airgeadais: Treoir Dea-Chleachtais
Foilsithe 11 Iúil 2018
Is éard is bainistíocht airgeadais ann ná an córas trína ndéantar pleanáil, stiúradh, monatóireacht agus rialú ar acmhainní eagraíochtaí chun cur ar a gcumas a gcuid spriocanna a bhaint amach. Tá dea-bhainistíocht airgeadais ríthábhachtach chun eagraíocht a reáchtáil go héifeachtach.
An tSamhail um Aibíocht Bainistíochta Airgeadais
Cuirtear samhail i láthair sa tuarascáil seo – an tsamhail um aibíocht bainistíochta airgeadais – rud a fhéadtar a úsáid chun deiseanna um fheabhsú a mheasúnú agus shainaithint i gcleachtais bainistíochta airgeadais in eagraíochtaí san earnáil phoiblí.
Déantar cur síos sa tsamhail seo ar chleachtais agus ar fheasacht i leith bainistíocht airgeadais agus ceanglaítear iad leis na torthaí a bhféadfadh eagraíochtaí a bheith ag súil leo. Cuireann an tsamhail seo bunús ar fáil chun cleachtais bainistíochta airgeadais a mheasúnú trí 15 cheist a leagan amach thar na cúig théama lárnacha
Sainaithnítear cúig leibhéal aibíochta. Is iad siúd atá freagrach as rialachas is fearr a dheimhníonn an leibhéal cuí aibíochta le haghaidh eagraíochta. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir na buntáistí a bhaineann le feidhmiú ag leibhéal níos airde aibíochta, agus an costas méadaithe a bhaineann le bogadh i dtreo an leibhéil sin. Níl sé cuí, áfach, d’eagraíocht san earnáil phoiblí a bheith ag feidhmiú ag Leibhéal 1 nó 2.
Tréithe cleachtais eagraíochta – cúig leibhéal aibíochta
Leibhéal | Léargas ginearálta ar an gcleachtas |
5 | Ceannródaíocht: Tá cleachtais bainistíochta airgeadais i bhfeidhm ag an eagraíocht atá ceannródaíoch agus a ligeann dó a bheith ag tnúth leis na príomhdhúshláin agus leis na príomhdheiseanna d’fhonn feidhmíocht a optamú. |
4 | Gairmiúil: Tá cleachtais ghairmiúla bainistíochta airgeadais i bhfeidhm ag an eagraíocht trína gcuirtear ar a chumas déileáil go héifeachtach le dúshláin agus déanfaidh siad sainaithint ar roinnt deiseanna chun a fheidhmíocht a fheabhsú. |
3 | Fónta: Tá cleachtais bainistíochta airgeadais i bhfeidhm ag an eagraíocht atá fónta ó thaobh tacú leis an ngnó faoi chúinsí socra agus a chuireann ar a chumas forbairt a dhéanamh, ach níl sé dóthanach i gcúinsí dúshlánacha. |
2 | Bunúsach: Tá cleachtais bainistíochta airgeadais i bhfeidhm ag an eagraíocht atá bunúsach agus a chuireann ar a chumas feidhmiú ar bhonn laethúil ach nach dtacaíonn leis an eagraíocht forbairt a dhéanamh. |
1 | Neamhfhónta: Tá roinnt cleachtas airgeadais i bhfeidhm ag an eagraíocht ach tá siad neamhfhónta sa chaoi is go bhfuil mórán bearnaí ann a bhfuil tionchar acu ar reáchtáil laethúil na heagraíochta. |
Bailíochtú na samhla
Rinne Fiontraíocht Éireann féinmheasúnú leis an tsamhail. Ina dhiaidh sin rinne sainchomhairleoirí athbhreithniú agus iad ceaptha chun bailíochtú a dhéanamh ar an tsamhail. Tá achoimre i gCaibidil 3 ar an bhféinmheasúnú in éineacht le cásanna dea-chleachtais agus deiseanna le haghaidh feabhsú sainaitheanta ag na sainchomhairleoirí (tá tuairisc na sainchomhairleoirí ar fáil in Aguisín C).
Bhraith Fiontraíocht Éireann go raibh creat oibre éifeachtach i gceist leis an tsamhail chun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid bainistíochta airgeadais.
An tsamhail a úsáid
Tá an tsamhail beartaithe le húsáid go príomha ag eagraíochtaí chun féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid cleachtas bainistíochta airgeadais d’fhonn deiseanna le haghaidh feabhsú a shainaithint. Féadtar an tsamhail a úsáid i scrúduithe agus iniúchtaí le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach anseo.
Ba chóir duine atá cáilithe go cuí measúnú a dhéanamh ar eagraíocht a úsáideann an tsamhail agus ba chóir dóibh breithiúnas gairmiúil agus eolas ar an eagraíocht a úsáid agus an measúnú á chur i gcrích.
Tar éis don eagraíocht an leibhéal aibíochta atá uaidh a dheimhniú agus measúnú déanta ar a leibhéal reatha, féadann eagraíocht an tsamhail a úsáid chun aon athruithe a aithint a theastaíonn dá gcleachtais bainistíochta airgeadais.