Tionchar Covid-19 ar do thimpeallacht rialaithe Mar thoradh ar phaindéim Covid-19 tá athruithe bunúsacha agus gasta ar an timpeallacht oibre agus rialaithe d’fhormhór eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus is gnáthrud é an obair iargúlta agus fíorúil anois. Cruthaíonn an timpeallacht nua seo roinnt dúshlán d’eagraíochtaí maidir le rialuithe inmheánacha éifeachtacha a choinneáil. Tá an doiciméad seo forbartha againn mar chuid dár gclár Léargais Iniúchta chun cabhrú le coistí bainistíochta agus iniúchta agus iad ag smaoineamh ar an tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar thimpeallacht rialaithe eagraíochtaí na hearnála poiblí. |