Cuntais Leithreasa 2011
Soláthraíonn Dáil Éireann airgid do ghnáthsheirbhísí na ranna agus na noifigí Rialtais. Foráiltear don chaiteachas faoi ‘Vótaí’ le ceann nó níos mó ag clúdach feidhmeanna gach roinne nó oifige. Ag deireadh gach bliana airgeadais, ceanglaítear ar gach roinn nó oifig cuntas ar a dtugtar an cuntas leithreasa a ullmhú do gach seirbhís vótáilte a riarann sí. Is é an ceanglas reachtúil atá ann ná go soláthróidh an cuntas leithreasa sonraí ar aschur na bliana i gcoinne an mhéid a sholáthraíonn Dáil Éireann, bunaithe ar mhéideanna airgid thirim íocaíochtaí agus admhálacha.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais leithreasa a ullmhaíonn na ranna agus oifigí don bhliain airgeadais roimhe. Tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích, bíonn de cheangal air deimhniú a cheangal le gach cuntas, ina sonraítear cibé acu, ina thuairim, an léirítear go cuí sa chuntas na fáltais agus an caiteachas a bhain leis an Vóta atá i gceist, agus aon chás ábhartha a chur ar aghaidh inar loic
- roinn nó oifig an caiteachas a taifeadadh sa chuntas a chur chun na gcríoch a raibh na leithreasaí beartaithe dóibh ag an Oireachtas, nó
- aon chás nár chloígh na hidirbhearta a taifeadadh sa chuntas leis an údarú faoina raibh sé maíte iad a bheith curtha i gcrích.
Tarraingíonn sé aird ar aon chás ábhartha ina dtugtar míthreoir sa ráiteas a ullmhaíonn an tOifigeach Cuntasaíochta i ndáil le rialú inmheánach airgeadais, nó ina bhfuil a leithéid de ráiteas neamh-chomhsheasmhach le faisnéis eile a bhfuil an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas faoi ó iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais leithreasa.
Tá Cuntais aonair ar fáil thíos:
Vóta 1 - Teaghlachas an Uachtaráin
Vóta 2 - Roinn an Taoisigh
Vóta 3 - Oifig an Ard-Aighne
Vóta 4 - An Phríomh-Oifig Staidrimh
Vóta 5 - Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Vóta 6 - Oifig an Aire Airgeadais
Vóta 7 - Aoisliúntas agus Liúntas Scoir
Vóta 8 - Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc
Vóta 9 - Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Vóta 10 - Oifig na nOibreacha Poiblí
Vóta 11 - An tSaotharlann Stáit
Vóta 12 - Rúnseirbhís
Vóta 13 - Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Vóta 14 - Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Vóta 15 - An Oifig Luachála
Vóta 16 - An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Vóta 17 - Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí
Vóta 18 - Oifig an Ombudsman
Vóta 19 - Dlí agus Ceart agus Comhionannas
Vóta 20 - Garda Síochána
Vóta 21 - Príosúin
Vóta 22 - An tSeirbhís Chúirteanna
Vóta 23 - An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Vóta 24 - Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanacha
Vóta 25 - Comhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil
Vóta 26 - Oideachas agus Scileanna
Vóta 27 - Gnóthaí Pobail, Comhionannas agus Gaeltachta
Vóta 28 - Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Vóta 29 - Comhar Idirnáisiúnta
Vóta 30 - Cumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha
Vóta 31 - Talmhaíocht, Bia agus Mara
Vóta 32 - Iompar, Turasóireacht agus Spórt
Vóta 33 - An Gailearaí Náisiúnta
Vóta 34 - Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Vóta 35 - Na hEalaíona, Oidhreacht agus an Ghaeltacht
Vóta 36 - Cosaint
Vóta 37 - Pinsin Airm
Vóta 38 - Coimirce Shóisialach
Vóta 39 - Sláinte
Vóta 40 - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Vóta 41 - Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige
Vóta 42 - Oifig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Vóta 43 - Leanaí agus Gnóthaí Óige