comóradh

100-banner

Comóradh Céad Bliain

Ba é an 12 Eanáir 2023 lá comórtha 100 bliain ó bunaíodh Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go foirmiúil. Tugann an comóradh deis dúinn machnamh a dhéanamh ar bhunú agus forbairt na hOifige,  a bhfuil ról lárnach aici sa phróiseas cuntasachta daonlathaí agus maidir le tuairisciú agus úsáid cistí poiblí in Éirinn, ag tacú di leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

 

Tá clár gníomhaíochtaí againn chun an ócáid shuntasach seo a chomóradh in 2023.

 

I mí Eanáir, chuireamar tús leis an gcomóradh céad bliain ag an gComhdháil Bhliantúil. Áiríodh leis an gclár roinnt láithreoireachtaí agus cainteoirí a bhain leis an gcomóradh céad bliain, lenar áiríodh

An Dr Marie Léoutre, Staraí, Acadamh Ríoga na hÉireann

An tOllamh Muiris MacCarthaigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

An tOllamh Colin Scott, Coláiste na hEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

CCD-foyer

OCAG-group-conference-photo