Cuntais Leithreasa 2015
Soláthraíonn Dáil Éireann airgid do ghnáthsheirbhísí na ranna agus na noifigí Rialtais. Foráiltear don chaiteachas faoi ‘Vótaí’ le ceann nó níos mó ag clúdach feidhmeanna gach roinne nó oifige. Ag deireadh gach bliana airgeadais, ceanglaítear ar gach roinn nó oifig cuntas ar a dtugtar an cuntas leithreasa a ullmhú do gach seirbhís vótáilte a riarann sí. Is é an ceanglas reachtúil atá ann ná go soláthróidh an cuntas leithreasa sonraí ar aschur na bliana i gcoinne an mhéid a sholáthraíonn Dáil Éireann, bunaithe ar mhéideanna airgid thirim íocaíochtaí agus admhálacha.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar na cuntais leithreasa a ullmhaíonn na ranna agus oifigí don bhliain airgeadais roimhe. Tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích, bíonn de cheangal air deimhniú a cheangal le gach cuntas, ina sonraítear cibé acu, ina thuairim, an léirítear go cuí sa chuntas na fáltais agus an caiteachas a bhain leis an Vóta atá i gceist, agus aon chás ábhartha a chur ar aghaidh inar loic
- roinn nó oifig an caiteachas a taifeadadh sa chuntas a chur chun na gcríoch a raibh na leithreasaí beartaithe dóibh ag an Oireachtas, nó
- aon chás nár chloígh na hidirbhearta a taifeadadh sa chuntas leis an údarú faoina raibh sé maíte iad a bheith curtha i gcrích.
Tarraingíonn sé aird ar aon chás ábhartha ina dtugtar míthreoir sa ráiteas a ullmhaíonn an tOifigeach Cuntasaíochta i ndáil le rialú inmheánach airgeadais, nó ina bhfuil a leithéid de ráiteas neamh-chomhsheasmhach le faisnéis eile a bhfuil an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas faoi ó iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais leithreasa.
Tá Cuntais aonair ar fáil thíos:
Ráiteas faoi Bheartais agus faoi Phrionsabail Chuntasaíochta
Vóta 1 - Teaghlachas an Uachtaráin
Vóta 2 - Roinn an Taoisigh
Vóta 3 - Oifig an Ard-Aighne
Vóta 4 - An Phríomh-Oifig Staidrimh
Vóta 5 - Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Vóta 6 - Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Vóta 7 - Oifig an Aire Airgeadais
Vóta 8 - Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Vóta 9 - Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Vóta 10 - Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc
Vóta 11 - Oifig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Vóta 12 - Aoisliúnta agus Liúntais Scoir
Vóta 13 - Oifig na nOibreacha Poiblí
Vóta 14 - An tSaotharlann Stáit
Vóta 15 - Rúnseirbhís
Vóta 16 - An Oifig Luachála
Vóta 17 - An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Vóta 18 - Seirbhísí Roinnte
Vóta 19 - Oifig an Ombudsman
Vóta 20 - An Garda Síochána
Vóta 21 - Príosúin
Vóta 22 - An tSeirbhís Chúirteanna
Vóta 23 - An tÚdaras Clárúcháin Maoin
Vóta 24 - Dlí agus Ceart agus Comhionannas
Vóta 25 - Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Vóta 26 - Oideachais agus Scileanna
Vóta 27 - Comhar Idirnáisiúnta
Vóta 28 – Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Vóta 29 – Cumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha
Vóta 30 – Talmhaíocht, Bia agus Mara
Vóta 31 – Iompar, Turasóireacht agus Spórt
Vóta 32 – Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Vóta 33 – Na hEalaíona, Oidhreacht agus an Ghaeltacht
Vóta 34 – Comhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil
Vóta 35 – Arm-Phinsin
Vóta 36 – Cosaint
Vóta 37 – Coimirce Shóisialach
Vóta 38 – Sláinte
Vóta 39 – An Oifig um Sholáthar Rialtais
Vóta 40 – Leanaí agus Gnóthaí Óige