Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2014

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2014.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos

  1. Toradh Airgeadais an Státchiste le haghaidh 2014

  2. Fiachas Rialtais

  3. Costas na mBeart Cobhsaíochta Baincéireachta amhail deireadh 2014

  4. Cuntasaíocht Vóta agus Bainistíocht Buiséid

  5. Bainistiú Deontas Rialtais

  6. Fabhrú Párolla na gCuntas Náisiúnta

  7. Ciste an Chrannchuir Náisiúnta

  8. Rialú agus Bainistiú Sócmhainní Oidhreachta Sochorraithe

  9. Forbairt Chóiríocht Phríobháideach i mBaile Átha Cliath

  10. Cistiú an Rialtais Láir ar Údaráis Áitiúla

  11. Cistiú an Rialtais Láir ar Uisce Éireann

  12. Socraíochtaí Cánach ar Íocaíochtaí Áirithe do Mhúinteoirí agus Daoine Eile

  13. Forbairt Eircode, an Córas Postchód Náisiúnta

  14. Bailiúchán Blianachtaí Talún

  15. Cistiú an Chiste Árachais Shóisialaigh

  16. Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

  17. Mírialtachtaí in Íocaíochtaí Scéim na mBéilí Scoileanna

  18. Bainistíocht Iomarcaíochta agus Fiachais ó Scéim Dócmhainneachta

  19. Comhlíonadh le Reachtaíocht maidir le hÍocaíocht Pras san Earnáil Sláinte

  20. Bainistíocht Ioncam Othar Príobháideach san Earnáil Sláinte

  21. Smacht ar Sholáthar Drugaí agus Cógais Ardteicneolaíochta

  22. Bainistiú Fiachais Ioncaim

  23. Togra Conraitheoirí na gCoimisinéirí Ioncaim

  24. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

  25. Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann