Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2015

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2015.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos

  1. Toradh Airgeadais an Státchiste do 2015

  2. Fiachas Rialtais

  3. Cuntasaíocht Vótaí agus Bainistiú Buiséid

  4. Maoiniú Rialtais Láir na nÚdarás Áitiúil

  5. Dul chun cinn faoin Scéim Chomhiomlánaithe Talún

  6. Soláthar agus Bainistiú Conarthaí le haghaidh Soláthar Díreach

  7. Aisíocaíochtaí agus tobhaigh an AE san earnáil talmhaíochta

  8. Diúscairt Scairdeitleán an Rialtais

  9. Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

  10. Cur i bhfeidhm an Chárta Seirbhísí Poiblí

  11. Seirbhís Caomhnóir ad Litem

  12. Dul i ngleic Sciúradh Breosla

  13. Athbhreithniú na gCoimisinéirí Ioncaim ar Ghnóthaí Cánach Lianna Comhairleacha Leighis

  14. An Creidmheas Cánach um Thaighde agus Forbairt

  15. Comhlíonadh i measc Cáiníocóirí

  16. Dliteanas Stampála Tobac a Iarchur

  17. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN)

  18. Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann