Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2024
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2024.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos
Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2024:
1. Olltoradh airgeadais an Státchiste do 2024
2. Maoiniú an rialtais láir d’údaráis áitiúla
3. Caighdeáin chuntasaíochta an rialtais láir
4. Cuntasaíocht vótaí agus bainistíocht bhuiséid
5. Ionad eolaíochta náisiúnta beartaithe a fhorbairt
6. Bainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí ar chóiríocht oifige
7. Earráidí i riarachán pá agus pinsean na seirbhíse poiblí
8. Costas cóiríochta chun póilíneacht a dhéanamh ar chluiche ceannais Shraith Europa UEFA
9. Mol Oibríochtúil um an gCeartas Coiriúil
10. Cóiríocht d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta
11. Íocaíochtaí deontais le scoileanna a rialú
12. Dul chun cinn i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach in Éirinn
13. An Ciste Carbóin a Imréiteach
14. Clár díothaithe eitinne bólachta
15. Scéimeanna tithíochta — maoiniú agus seachadadh
16. Rialtacht na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
17. Aicmiú oibrithe chun críocha ÁSPC
18. Bainistiú a dhéanamh ar fhiacha na scéime iomarcaíochta agus na híocaíochta dócmhainneachta
19. Ionaid cúraim phríomhúil
20. Maoiniú deontais do mhoil chianoibre
21. Cánacha ar mhótarfheithiclí
22. Cánachas ar ioncam ó chíos
23. Fáltais ó uasteorannú ioncaim ó dhíolacháin leictreachais
24. Bailiú agus leithdháileadh fáltais ÁSPC
25. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
26. Foirceannadh ar chiste eascró Apple na hÉireann
27. Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann