Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2020
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos
Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2020
Toradh airgeadais an Státchiste do 2020
Achoimre ar chostas na freagartha do Covid-19 – Márta 2020 go Feabhra 2021
Cistiú a fuair údaráis áitiúla ón rialtas láir
Cuntasaíocht vóta agus bainistíocht buiséid
Caiteachas ar theicneolaíocht agus oiliúint spéaclaí oíche don chuardach agus tarrtháil
Scéimeanna deontais atosaithe Covid-19
Maoirseacht ar mhaoiniú do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020
Maoirseacht ar an íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP)
Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Bainistíocht ar achomhairc leasa shóisialaigh
Rialuithe maidir le híocaíocht dífhostaíochta phaindéim Covid-19
Rialuithe maidir leis an scéim fóirdheontais shealadaigh pá
Bainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim ar thuarascálacha maidir le hidirbhearta amhrasacha
Tobhaigh an Chiste Cúitimh Árachais a mheasúnú agus a bhailiú
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Ciste eascró Apple na hÉireann
Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann