Tuarascáil Speisialta 71 – Tástáil Tiomána san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Foilsithe 05 Feabhra 2010

Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an tSeirbhís Tástála Tiománaithe atá á riar ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB). Rinneadh luacháil sa scrúdú ar leordhóthanacht nósanna imeachta an ÚSB i leith forbairt conarthaí agus bainistíocht i ndáil lena chonarthaí le haghaidh tástálacha seachfhoinsithe. Rinneadh luacháil chomh maith ar éifeachtúlacht fhoriomlán na Seirbhíse Tástála Tiománaithe agus ar na córais atá ar bun ag an ÚSB chun bainistiú a dhéanamh ar fheidhmíocht eagraíochtúil agus chun go n-éascófaí maoirseacht na Roinne Iompair.