Tuarascáil Speisialta 76 – An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní – Sócmhainní Bainc a Fháil

Foilsithe 02 Samhain 2010

Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar Éadáil Sócmhainní Bainc ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Is é cuspóir na tuairisce tosaigh seo ná cuntas luath a thabhairt ar na struchtúir, na córais agus na nósanna imeachta a chuir an GNBS ar bun chun a fheidhmeanna a fheidhmiú. Leagtar amach sa tuairisc seo chomh maith toradh na chéad éadálacha iasachtaí agus na socruithe chun an ghníomhaireacht a rialú agus acmhainní a chur ar fáil di.