Tuarascáil Speisialta 79 – An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní – Bainistiú Iasachtaí
Foilsithe 24 Bealtaine 2012
Tá tuairisc speisialta foilsithe ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Ba é an t-iar-Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste, an tUasal John Buckley, a chuir an tuairisc speisialta i gcrích sula ndeachaigh sé ar scor i mí Feabhra 2012. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar an méid atá an próiseas fála iasachtaí curtha i gcrích agus ar phróifíl chúlbhannaí foluiteacha na n-iasachtaí. Breathnaítear chomh maith ar an gcaoi a ndéanann an GNBS bainistiú ar a chaidreamh le iasachtaithe.