Tuarascáil Speisialta 86 – Forbairt Staidiam Rásaíochta Con Luimnigh
Foilsithe 30 Deireadh Fómhair 2014
Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar fhorbairt Bhord na gCon ar staidiam rásaíochta con Luimnigh. Déantar scrúdú sa tuairisc ar thalamh a fháil don tionscadal agus an staidiam nua a thógáil. Déantar scrúdú ann chomh maith ar chomhlíontacht Bhord na gCon lena nósanna imeachta rialachais agus leo siúd a d’fhorbairt an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i ndáil le breithmheasúnú agus bainistiú ar thionscadail chaipitiúla. Chomh maith leis sin, déantar scrúdú ar an gcás gnó le haghaidh an tionscadail agus déantar athbhreithniú ar thorthaí an tionscadail go dtí seo.