Tuarascáil Speisialta 117 - Fáil maoine Ollscoil Luimnigh i gcathair Luimnigh

In 2019, fuair Ollscoil Luimnigh láithreán agus foirgneamh ag Cé Uí Eoghanáin i gcathair Luimnigh, tuairim is cúig chiliméadar óna príomhchampas, agus é mar aidhm campas cathrach a bhunú.  Chosain an ceannachán €8.3 mhilliún. 

Mar fhreagra ar roinnt ábhar imní a ardaíodh, cheap Údarás Ceannais na hOllscoile comhairleoirí seachtracha chun scrúdú a dhéanamh ar phróiseas ceannacháin Ché Uí Eoghanáin.  Bunaithe ar a dtuarascáil, nach bhfuil ar fáil go poiblí, rinne na comhairleoirí roinnt moltaí, a léiríodh i sraith beartas agus nósanna imeachta le haghaidh ceannacháin chaipitil, a ghlac an Ollscoil i mí an Mheithimh 2022.

Is é an t-aon cheapachán mór caipitil ag an Ollscoil ó shin i leith ná forbairt de 20 teach a ceannaíodh ag an Réabóg i Luimneach le húsáid mar lóistín do mhic léinn.  Cuireadh an ceannachán sin, ar chostas conartha de €11.4 mhilliún, i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2023.  Ceanglaíodh ar an Ollscoil ina dhiaidh sin muirear dleachta stampa nach rabhthas ag súil leis de €1.008 mhilliún a íoc i leith na réadmhaoine. 

Tugadh faoin scrúdú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheannachán réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin ó thaobh luach ar airgead de.  Scrúdaigh sé freisin na nósanna imeachta ceannacháin réadmhaoine a ghlac an Ollscoil ón gceannach sin i leith, agus an bealach ar baineadh úsáid as na nósanna imeachta sin sa cheannachán réadmhaoine ina dhiaidh sin ag an Réabóg. 

Campas cathrach Luimnigh a bhunú

Tá sé mar sprioc ghinearálta ag an Ollscoil le fada an lá a láithreacht infheicthe i gcathair Luimnigh a leathnú.  Beartaíodh ina plean forbartha caipitil 2013 – 2018 foirgneamh acadúil a fhorbairt ar chuid den réadmhaoin a fuair Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh do thionscadal mórscála athnuachana laistigh den chathair, dá ngairtear ceathrú an Árais Cheoldrámaíochta. 

I mí na Samhna 2018, cheadaigh fochoiste den Údarás Ceannais — an Coiste Airgeadais, Acmhainní Daonna agus Bainistíochta Sócmhainní (FHRAMC) — togra le haghaidh caiteachais de €5 mhilliún chun réadmhaoin a cheannach i gceathrú an Árais Cheoldrámaíochta agus chun an tionscadal a thabhairt chuig céim an cheada pleanála.  I mí na Nollag 2018, d'fhormhuinigh an tÚdarás Ceannais an plean, agus é ag tabhairt dá aire nach raibh cinneadh déanta go fóill maidir leis an úsáid a bhí sé beartaithe a bhaint as an gcampas cathrach nua. 

Ar an 2 Aibreán 2019, chuir an Ollscoil iarratas faoi bhráid a príomh-mhaoinitheora, an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA), ar thacaíocht maoinithe caipitil chun 'Acadamh Scileanna don Todhchaí’ a fhorbairt i gceathrú an Árais Cheoldrámaíochta.  Tugadh breac-chuntas san iarratas ar chostas foriomlán tionscadail de €45.2 milliún chun saoráid 7,866 m2 a fhorbairt, i meascán d'fhoirgneamh nua agus d'fhoirgnimh atá ann cheana arna n-athchóiriú.  Áiríodh ar chostas beartaithe an tionscadail ceannach na réadmhaoine riachtanaí ag ceathrú an Árais Cheoldrámaíochta ar €3 mhilliún. 

Fad is a bhí an togra don suíomh ag an Áras Ceoldrámaíochta á fhorbairt, lean foireann shinsearach na hOllscoile agus comhairleoir réadmhaoine seachtrach de chuid na hOllscoile orthu ag plé le húinéirí láithreáin eile i lár na cathrach — iar-réadmhaoin mhiondíola 5,535 m2 ag Cé Uí Eoghanáin — d'fhonn í a cheannach.

Ar an 5 Aibreán 2019 — trí lá tar éis an t-iarratas ar mhaoiniú d’Ionad an Árais Cheoldrámaíochta a bheith curtha faoi bhráid HEA — cuireadh togra isteach chuig an Údarás Ceannais chun suíomh Ché Uí Eoghanáin a cheannach láithreach ar €8 milliún agus d'fhaomh an tÚdarás Ceannais é.  Bíodh gur léiríodh seo mar mhalartú simplí suímh, bhain tiomantas láithreach leis le réadmhaoin i lár na cathrach a fháil, gan plean maoinithe comhleanúnach a bheith i bhfeidhm leis an suíomh a fhorbairt.  Ina theannta sin, bhí scála na forbartha a bhí beartaithe don suíomh nua i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí beartaithe do shuíomh cheathrú an Árais Cheoldrámaíochta, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an Ollscoil a bheith bainteach ag leibhéal suntasach i bhforbairt réadmhaoine amhantraí.  Dá bhrí sin, ba dhócha go mbeadh impleachtaí straitéiseacha an athraithe seo don Ollscoil suntasach, ó thaobh úsáid foirgneamh agus maoiniú a dhaingniú.

Dhiúltaigh HEA an t-iarratas a mhaoiniú ina dhiaidh sin.

Tugadh ceannach shuíomh Ché Uí Eoghanáin i gcrích i mí an Mheithimh 2019.  Níl cinneadh déanta ag an Ollscoil go fóill cén chaoi a n-úsáidfidh sí réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach. 

Ceannachán réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin

Tráth na tréimhse a fuarthas réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin, ní raibh aon bheartas agus nósanna imeachta foirmiúla/scríofa ag an Ollscoil maidir le hidirbhearta den sórt sin.  Ba é an cleachtas seanbhunaithe ná go raibh Rannóg Foirgneamh agus Eastát na hOllscoile freagrach as ceannacháin réadmhaoine de ghnáth.  Maidir le ceannachán Ché Uí Eoghanáin, ní raibh ach teagmháil theoranta ag an Rannóg sin go dtí an t-am a cheadaigh an tÚdarás Ceannais an ceannach.  Is cosúil go raibh an idirbheartaíocht á bainistiú ag comhairleoir réadmhaoine atá fostaithe ag an Ollscoil agus a thuairiscigh ar dhul chun cinn don Uachtarán, agus an Leasuachtarán ag ullmhú agus ag cur an togra ceannacháin faoi bhráid an Údaráis Ceannais. 

Fuair an Ollscoil roinnt comhairle luachála, ach ní bhfuarthas aon tuarascáil luachála fhoirmiúil ar an réadmhaoin.  I gcaitheamh an cheannacháin, rinneadh tagairt do réimse luachanna.  I mí Mheán Fómhair 2018, bhí an Ollscoil ag machnamh ar €3 mhilliún a thairiscint.  I lár mhí an Mhárta 2019, thairg an Ollscoil €6.5 mhilliún agus go luath i mí Aibreáin 2019 bhí praghas €8 milliún comhaontaithe. 

Bhí iniúchadh déanta ag ailtire ar fhoirgneamh Ché Uí Eoghanáin i mí Mheán Fómhair 2018. Seachas comhairle luachála neamhfhoirmiúil, is cosúil nach ndearnadh aon obair díchill chuí eile roimh fhaomhadh an Údaráis Ceannais ar an 5 Aibreán 2019 áfach. 

Tráth an d'fhaomh an tÚdarás Ceannais an togra, ní raibh an chóireáil CBL cinntithe.  Mar thoradh ar dhíospóireachtaí le comhairleoirí cánach na hOllscoile agus leis na díoltóirí, d'aontaigh an Ollscoil an praghas ceannaigh a mhéadú de €343,000 chun cúiteamh a thabhairt don díoltóir as aisghlámadh cánach a thabhóidís ag eascairt as caitheamh leis an idirbheart mar dhíolmhaithe ó CBL. 

Caillteanas luacha ar airgead

Ní dhearnadh measúnú eacnamaíoch ar thuillteanais choibhneasta réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin agus réadmhaoin mhalartach oiriúnach m.sh. ag ceathrú an Árais Cheoldrámaíochta in aice láimhe, áit ar dúradh go raibh suíomh oiriúnach ar fáil ar thart ar €3 mhilliún.  Toisc nach bhfuil aon fhianaise ar aon fhíor-bhuntáistí breise atá le gnóthú as forbairt agus úsáid réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin ag an Ollscoil, i gcomparáid le saoráid den chineál céanna ag ceathrú an Árais Cheoldrámaíochta, is deacair a fheiceáil cén chaoi a raibh gá leis an gcostas barrachais a tabhaíodh — thart ar €5 mhilliún — nó gurb ionann é agus luach ar airgead.

Tháinig luachálaithe neamhspleácha a choimisiúnaigh an Ollscoil in 2023 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpraghas a íocadh as réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin ar an gconclúid gur íoc an Ollscoil thart ar aon trian níos mó ná luach margaidh na réadmhaoine in 2019.  Ar an mbonn sin freisin, níorbh ionann an ceannachán agus luach ar airgead.

Chomh maith leis an bpraghas ceannaigh, bhí costais athchóirithe agus saincheaptha tabhaithe ag an Ollscoil le feidhm a bhaint as cuid de réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin ar a laghad.  Chun críocha ráitis airgeadais bhliantúla 2022 -2023, luacháil na luachálaithe neamhspleácha réadmhaoin Ché Uí Eoghanáin amhail an 30 Meán Fómhair 2023 ag €5.4 mhilliún.  Mar thoradh air sin, tá muirear lagaithe (nó caillteanas) de €3.044 mhilliún molta ag an Ollscoil maidir leis an luach sócmhainne atá le haithint sna ráitis airgeadais don bhliain airgeadais dar críoch an dáta sin. 

Ceannachán tithe ag an Réabóg

Go déanach in 2021, chuaigh forbróir i dteagmháil leis an Ollscoil maidir le suíomh sa Réabóg, agus ina dhiaidh sin sheol togra i scríbhinn i mí Eanáir 2022.  Ba é an moladh a bhí ann ná go dtógfadh an forbróir lóistín do mhic léinn — 80 spás leapa san iomlán — ar shuíomh a raibh cead pleanála aige do 20 teach, agus an lóistín a thabhairt ar léas don Ollscoil, nó go gceannódh an Ollscoil na tithe thar barr amach nuair a bheadh siad críochnaithe.  Mhol an togra go gcosnódh ceannach thar barr amach tuairim is €12.2 mhilliún, CBL san áireamh. 

Is iad cuspóirí lárnacha an Chóid Caiteachais Phoiblí breithmheas oibiachtúil ar thograí infheistíochta agus gealltanais roimh am a sheachaint.  Maidir leis an gceannachán ag an Réabóg, níor aimsíodh sa scrúdú seo aon fhianaise ar bhreithmheas cuí oibiachtúil ar na roghanna den chineál ba cheart a bheith ar fáil do chinnteoirí, lena n-áirítear comhaltaí an Údaráis Ceannais, nuair a iarradh orthu an ceannachán a cheadú. 

Dícheall cuí maidir le pleanáil

Éilíonn beartas ceannacháin na hOllscoile — a ceadaíodh i mí an Mheithimh 2022 — aitheantas agus measúnú ar stádas pleanála na sprioc-réadmhaoine sula gcuirtear togra ceannacháin faoi bhráid an chomhlachta cinnteoireachta ábhartha i.e. an FHRAMC agus/nó an tÚdarás Ceannais.  Deirtear go sonrach sa bheartas gur cheart teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála ina leith sin.

Ní raibh an chomhairle phleanála ar thogra na Réabóige a fuarthas ó ghairmithe ábhartha idir Márta agus Iúil 2022 dochloíte.  Moladh i dtuarascáil ailtirí i mí Iúil 2022 gur cheart soiléiriú i scríbhinn a lorg ón údarás áitiúil faoi cé acu a bheadh nó nach mbeadh athrú ábhartha ann dá mbainfeadh úsáid as an réadmhaoin mar lóistín do mhic léinn, ach níor tharla sé sin.  D'ainneoin an amhrais a bhí ann ar fad, dúradh sa chur i láthair don Údarás Ceannais ar an 3 Lúnasa 2022 gur thacaigh an chomhairle ghaolmhar ó chomhairleoirí dlí na hOllscoile ‘le dul ar aghaidh leis an gceannach’ agus go raibh ‘cead pleanála faighte’ ag forbairt na Réabóige. 

Níor comhlíonadh beartas ceannacháin na hOllscoile maidir le dícheall cuí pleanála.  Ba cheart go nochtfaí leis an togra a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceannais na tuairimí éagsúla ar cheist na pleanála, agus nár lorgaíodh ná nach bhfuarthas deimhniú an údaráis pleanála.  Ba cheart go gcuirfí in iúl don Údarás Ceannais freisin go raibh an cead pleanála le dul in éag i mí an Mhárta 2023 toisc go bhféadfadh sé seo a bheith ábhartha maidir le faomhadh an phraghais ceannaigh.

Tá rabhadh a fuarthas i mí na Nollag 2023 ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi fhorbairt neamhúdaraithe fhéideartha ar réadmhaoin na Réabóige mar thoradh díreach ar an Ollscoil a bheith ag leanúint ar aghaidh gan dícheall cuí ceart a chur i gcrích.  Is toradh neamh-inmhianaithe é sin nach bhfuil gá leis.

Luacháil na réadmhaoine

Tá roinnt bealaí inar féidir sócmhainní réadmhaoine a luacháil.  Braitheann an modh/na modhanna iomchuí le húsáid ar réimse tosca, lena n-áirítear cé acu a ghintear nó nach ngintear ioncam ó shócmhainn (nó cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ioncam a ghiniúint uaithi).  Bhí an chomhairle luachála a fuair an Ollscoil bunaithe ar fháltas ar chíos.  Cé gur modh luachála achomair é fáltas (glan) ar chíos a d'fhéadfadh a bheith úsáideach, ní mór a chur i bhfeidhm agus na teorainneacha atá leis a thuiscint.  Leis féin, ní modheolaíocht luachála leordhóthanach í a d’fhéadfadh comhlacht poiblí a bheith ag brath uirthi agus machnamh á dhéanamh ar infheistíocht chaipitil shuntasach.

Ba é an seasamh a ghlac an Ollscoil ar phleanáil ná gur forbairt chónaithe chaighdeánach go bunúsach a bhí sa sprioc-réadmhaoin a bhí le fáil, ach oiriúnú a bheith déanta uirthi go pointe.  Ar an mbonn sin amháin, is deacair a thuiscint cén fáth nár dhírigh an Ollscoil níos mó ar an modh caighdeánach comparáide praghsanna díolacháin chun luach margaidh na réadmhaoine a mheas.  Bhí roinnt fianaise sna tuarascálacha luachála a choimisiúnaigh an Ollscoil i mí an Mhárta 2022 go raibh réadmhaoin chónaithe inchomparáide á trádáil ar phraghsanna i bhfad ní b’ísle ná mar a bheadh san fhorbairt ag an Réabóg, ach níor míníodh é sin sa togra don Údarás Ceannais.  Ina ionad sin, níor luadh ach na luachálacha foriomlána i bhfad ní b’airde a bhí bunaithe ar ghlanfháltas ar chíos sa doiciméad a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceannais.

Sa togra don Údarás Ceannais baineadh úsáid as an méadracht chomparáideach ‘costas in aghaidh na leapa’ le haghaidh lóistín shaincheaptha do mhic léinn.  Úsáideadh é seo mar thagarmharc ar réasúntacht an togra costais a bhí á chur chun cinn, i.e. an ceannach beartaithe ar chostas €136,000 (CBL san áireamh) in aghaidh an spáis leapa.  Bunaithe ar an 80 spás leapa a bhí pleanáilte, b’ionann é sin agus costas foriomlán €10.9 milliún. 

Maidir leis na tuarascálacha luachála a fuair an Ollscoil, níl aon fhianaise dhoiciméadach ann gur cuireadh ar fáil do chomhaltaí an Údaráis Ceannais iad dá chruinniú ‘sainchuspóra’ ar líne ar an 3 Lúnasa 2022.  Ba cheart go mbeadh na tuarascálacha luachála curtha faoi bhráid an Údaráis Ceannais, chomh maith leis an togra ceannacháín, agus roimh an gcruinniú sainchuspóra. 

Ar an iomlán, b'ionann an anailís airgeadais a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceannais agus bonn cirt leis an uasphraghas a d'fhéadfadh an Ollscoil a íoc le réasún ar shócmhainní a chabhródh le riachtanas dlisteanach do lóistín do mhic léinn a chomhlíonadh.  Mar sheasamh idirbheartaíochta, rinne sé seo dochar do leasanna airgeadais na hOllscoile agus na gcáiníocóirí.  Ba cheart go bhféachfadh an seasamh réamhshocraithe do chomhlacht poiblí le gach earra agus seirbhís, réadmhaoin san áireamh, a fháil ar an bpraghas is ísle is infhaighte, ní ar an bpraghas is airde.

Formheas an Údaráis Ceannais

Bhí an doiciméad faisnéise a cuireadh faoi bhráid chruinniú an Údaráis Ceannais ar an 3 Lúnasa 2022 lochtach ar roinnt bealaí.  Thug sé léiriú bréagach gur cloíodh leis an mbeartas ceannacháin agus leis an nós imeachta ceannacháin a glacadh le déanaí.  Níor míníodh príomhrioscaí an togra infheistíochta go soiléir do chomhaltaí an Údaráis, agus níor míníodh an fhaisnéis luachála go cuí ach oiread.  Léiríodh gurb ionann an príomhchostas ceanacháin agus €10.9 milliún (CBL san áireamh) iníoctha thar chúig bliana, ach níor leagadh amach go soiléir togra roinnte cíosa ceithre bliana trína saothródh an forbróir €1.08 mhilliún sa bhreis. 

Níl mórán níos mó i miontuairiscí an chruinnithe ná insint ar an eolas sa doiciméad faisnéise.  Ní léiríonn siad an nádúr a bhain do cibé díospóireacht a tharla, nó cibé acu a cuireadh i gcoinne an togra nó a tharla aon cheistiú ina leith.  Ní dhéanann siad sonraí ábhartha den chinneadh a ghlac an tÚdarás Ceannais a thaifeadadh go cuí ach oiread — fiú cad é an praghas ceannaigh ceadaithe a bhí i gceist.  Is ionann é sin agus coimeád taifead easnamhach i ndáil le cinneadh tábhachtach infheistíochta.

Tar éis chruinniú an Údaráis Ceannais, rinne an Ollscoil conradh leis an bhforbróir ar bhonn luach iomlán conartha €11,979,280, le híoc i dtráthchodanna éagsúla thar chúig bliana. 

Frithargóintí a láimhseáil

Bhí ceart iomlán ag an Údarás Ceannais faisnéis iomlán a fháil maidir leis na rioscaí a bhí sainaitheanta ag comhairleoirí gairmiúla neamhspleácha agus ag feidhmeannaigh shinsearacha ábhartha na hOllscoile i leith an togra, sula n-iarradh orthu glacadh le gealltanas substaintiúil ceangailteach a údarú.  Teip nach beag a bhí sa doiciméad togra a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceannais don chruinniú ar an 3 Lúnasa 2022 ina leith sin, agus bhí saincheisteanna dlisteanacha ann ar údar imní iad, a chuir oifigigh ábhartha in iúl faoin gceannachán beartaithe, a fágadh ar lár go hiomlán.

Tháinig cuid de na saincheisteanna a bhí ina n-ábhar imní chun cinn ina dhiaidh sin i nochtadh cosanta a fuarthas go luath in 2023.  Mar a bhí déanta ag an Ollscoil maidir le nochtaí roimhe seo, láimhseáladh an nochtadh seo ar bhealach daingean a bhí dírithe ar an dlí, agus imscrúdú neamhspleách á dhéanamh ag abhcóide sinsearach.  Is cosúil nach ndearna an Ollscoil ná an tÚdarás Ceannais machnamh ná imscrúdú leordhóthanach ar na himpleachtaí níos ginearálta a bhaineann leis na nochtaí maidir le héifeachtacht oibriú chóras rialaithe agus cinnteoireachta na hOllscoile.

Faoi dheireadh 2023, tháinig sé chun cinn nach ndearnadh measúnú ceart ar impleachtaí dleachta stampála an cheannacháin, agus go bhféadfadh deacracht pleanála a bheith ann.  Spreag na deacrachtaí seo, mar aon le haitheantas go bhfuil ábhair imní shuntasacha eile ann, imscrúdú neamhspleách eile ar phróisis na hOllscoile, agus suíodh go raibh fianaise inchreidte ann gur diúltaíodh do fhrithargóintí dlisteanacha agus gur sáraíodh iad.  Ardaíonn sé seo amhras tromchúiseach faoi oibiachtúlacht mheastóireacht na hOllscoile ar an gceannachán ag an Réabóg.  Os a choinne sin, is cosúil go bhfuil an mheastóireacht a rinneadh agus a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Ceannais claonta i bhfabhar an cheannacháin ar théarmaí neamhfhabhracha, agus go mainníonn sí go cuimsitheach prionsabail an Chóid Caiteachais Phoiblí a chomhlíonadh.

Conraitheoireacht don cheannachán

Rinneadh foráil i gcomhaontú dar dáta an 12 Lúnasa 2022 do phraghas ceannaigh de €11,979,280 a bhí iníoctha i gcéimeanna thar chúig bliana, ag tosú ar chríochnú praiticiúil na forbartha, arbh é an 30 Lúnasa 2023 an dáta a raibh coinne leis ina leith.  Is éard a bhí i bpraghas an chonartha an costas caipitil de €10.9 milliún a ndearnadh tagairt fheiceálach dó sa togra don Údarás Ceannais, agus is ionann é agus €1.08 mhilliún a d'fhéadfadh a bheith ag freagairt don sciar cíosa dá dtagraítear sa togra.  Mar sin féin, ní thagraíonn an conradh go sonrach do chomhroinnt cíosa.

Faoi théarmaí an chonartha, bhí éarlais de €10 amháin iníoctha ag an Ollscoil ar dháta sínithe an chonartha. 

Ar an 2 Lúnasa 2023, síníodh comhaontú forlíontach leis an bhforbróir.  Foráladh leis sin go gceannódh an Ollscoil an réadmhaoin thar barr amach ar lá dúnta an chonartha, agus íocaíocht iomlán i gceist.  Socraíodh laghdú €540,000 ar an bpraghas ceannaigh — i.e. go €11,439,280 — trí idirbheartaíocht mar chuid den bheart athbhreithnithe agus íocaíocht níos luaithe.  B'ionann méid athbhreithnithe an chomhaontaithe agus meánphraghas ceannaigh beagnach €572,000 in aghaidh na réadmhaoine.

Dliteanas dleachta stampála nach bhfuiltear ag súil leis

Éilítear faoi bheartas ceannacháin na hOllscoile go n-aithneofaí an dliteanas CBL a bhfuiltear ag súil leis a bhaineann le ceannachán sula ndéantar gealltanas maidir le ceannach.  Ba cheart an dliteanas féideartha i leith dleacht stampála a imscrúdú roimh ré freisin.  Maidir leis an gceannachán ag an Réabóg, theip ar an Ollscoil é sin aithint, toisc gur ceannach ilaonad a bhí i gceist, go raibh nochtadh ann do dhleacht stampála ar ráta 10% den phraghas ceannaigh.  Is ionann sin agus teip ar phróiseas díchill chuí na hOllscoile sa chás seo.

Bhí dualgas ar an Ollscoil dleacht stampála €1.008 mhilliún a íoc ar an gceannachán ag an Réabóg leis na Coimisinéirí Ioncaim i mí Feabhra 2024.  Bhí ús ar an íocaíocht dhéanach ar luach €29,790 sa bhreis iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim freisin. 

Lagú ar luach sócmhainne na Réabóige

Léiríonn luacháil ‘luach úsáide’ ar shócmhainní na Réabóige i mí an Mhárta 2024 gur dócha gur íoc an Ollscoil i bhfad ní ba mhó ná mar ba cheart le haghaidh na réadmhaoine ag an Réabóg.  Bíodh is go bhfuil scóip ann do dhíospóireacht faoin toradh riachtanach ar chaipiteal/an ráta lascaine ábhartha, dealraíonn sé gur theip ar an Ollscoil luach ar airgead a bhaint amach san infheistíocht seo.  Tá muirear lagaithe €5.2 mhilliún molta ag an Ollscoil ar luach na sócmhainne atá le haithint i ráitis airgeadais bhliantúla na hOllscoile do 2022 – 2023.

Ar an mbonn sin, dealraíonn sé go raibh caillteanas suntasach ar luach ar airgead mar thoradh ar an mbealach a bhfuair an Ollscoil sócmhainní na Réabóige.  Dá bhrí sin, teastaíonn tuilleadh feabhsuithe suntasacha go práinneach i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe ceannacháín réadmhaoine na hOllscoile.