Tuarascáil Speisialta 118 - Rialachas, rialú inmheánach agus saincheisteanna maidir le luach ar airgead in Iascach Intíre Éireann
Is é Iascach Intíre Éireann (IFI) an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as iascach intíre agus acmhainní slatiascaireachta mara na hÉireann a bhainistiú, a chosaint agus a chaomhnú. Bunaíodh é sa bhliain 2010 faoin Acht um Iascach Intíre 2010 (an tAcht), lena gcónaisctear an Príomh-Bhord Iascaigh a bhí ann roimhe sin agus na boird réigiúnacha iascaigh. Feidhmíonn sé faoi choimirce na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Sna blianta 2022 agus 2023, rinneadh roinnt nochtaí leis an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a chuir ábhair imní in iúl maidir le socruithe rialachais IFI agus leordhóthanacht a chórais rialaithe inmheánaigh.
Sna tuarascálacha iniúchóra do ráitis airgeadais bhliantúla 2021 agus 2022, tarraingíodh aird ar roinnt saincheisteanna suntasacha ar ábhar imní iad maidir le gnóthaí IFI, go háirithe ábhair a bhaineann le rialachas, rialú inmheánach, rialtacht idirbheart áirithe agus saincheisteanna maidir le luach ar airgead. Sa scrúdú seo, rinneadh athbhreithniú agus tuairiscíodh ar na hábhair sin go mionsonraithe.
Bord Iascach Intíre Éireann
Déantar foráil i gCuid 6 den Acht do Bhord IFI ar a mbeidh deichniúr comhaltaí, lena n-áirítear Cathaoirleach. D’éirigh roinnt daoine as sa bhliain 2022 agus ag tús na bliana 2023, lena n‑áirítear beirt Chathaoirleach i ndiaidh a chéile, thit comhaltas an Bhoird go cúigear comhaltaí, rud nár leor ach chun córam a chruthú do chruinniú.
I mí Feabhra 2023, chuir an tAire na comhaltaí boird eile as oifig gan locht agus cheap sé beirt, faoi Chuid 18 den Acht, chun feidhmeanna an Bhoird a dhéanamh ar bhonn sealadach, go dtí go n-athbhunófaí é.
Cheap an tAire Bord nua i mí Eanáir 2024.
Gníomhaíocht cosanta iascaigh
Príomhfheidhm de chuid IFI is ea acmhainní iascaigh a chosaint agus a chaomhnú, lena n‑áirítear éisc agus a ngnáthóga araon, agus freagracht air maidir le huiscí dromchla intíre agus uiscí cladaigh laistigh de 12 mhíle ón gcladach. Mar chuid den fheidhm sin, úsáideann IFI réimse beart cosanta agus forfheidhmithe.
Téann IFI ar patról cosanta, lena n‑áirítear patról ar lochanna, aibhneacha agus cois cósta, ag baint úsáid as réimse sócmhainní, ina measc sin, báid, mótarfheithiclí, dróin, rothair agus cuadrothair. Tá idir 8,000 ciliméadar cearnach agus 18,000 ciliméadar cearnach de cheantair abhantraí (RBD) i gceist leis an limistéar iomlán (oileáin san áireamh) atá faoi réir na bpatról sin.
Sna blianta 2018 agus 2019, d’infheistigh IFI €3.5 milliún i bhflít nua 12 bhád righne inséidte (RIBanna) le haghaidh patróil. É sin ráite, tháinig laghdú ar leibhéil na bpatról taifeadta sa bhliain 2019 mar gheall ar athbhreithniú a rinneadh ar na riachtanais a bhaineann le liagóirí cáilithe a bheith i gceannas ar phatróil. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú mór ar líon na liagóirí cáilithe, mar aon le caillteanais bhreise mar gheall ar fhoireann oilte a bheith ag dul ar scor nó ag imeacht ón eagraíocht. Tugadh an cumas patról a dhéanamh ar ais de réir a chéile, trí oiliúint a chur ar phearsanra breise. Sa bhliain 2023, b’ionann líon na bpatról in aghaidh an RIB a rinneadh agus thart ar 81% ar an meán den sprioc a leag IFI síos.
Cionta a ionchúiseamh
Is féidir le IFI tús a chur le hionchúisimh i leith cionta tromchúiseacha iascaigh agus comhshaoil, mar shampla maruithe éisc agus truailliú uisce.
Tá gá le smachtbhanna tarmligthe foirmiúil ón mBord chun go gcuirfidh oifigigh IFI tús le hionchúisimh. I mí an Mhárta 2023, mar fhreagairt ar agóid dhlíthiúil i gcás ionchúisimh, fuair IFI amach nach raibh smachtbhanna foirmiúil fhoireann IFI i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, tharraing IFI siar thart ar 50 cás ionchúisimh (ar cuireadh tús leo ar fud 6 RBD). Bhí tionchar suntasach aige sin ar chumas IFI a fheidhm chosanta a dhéanamh agus nochtadh IFI freisin do chaillteanas airgeadais agus do chostais dlí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Cuireadh smachtbhanna tarmligthe foirmiúil oifigigh IFI i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023 chun cásanna a ionchúiseamh. Cuireadh tús le hionchúisimh arís ón dáta sin.
Maoiniú na gcuntas díomhaoin a bhainistiú
Idir na blianta 2019 agus 2021, fuair IFI €1.18 milliún san iomlán ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. In athbhreithniú iniúchóireachta inmheánaí i mí Eanáir 2022, tuairiscíodh roinnt laigí suntasacha i riarachán an mhaoiniúcháin sin ag IFI. Go háirithe, ní raibh sé soiléir i gcásanna áirithe go raibh an caiteachas ailínithe go hiomlán le cuspóir an mhaoiniúcháin. Mar thoradh air sin, d’aisíoc IFI breis agus €28,000 le Ciste na gCuntas Díomhaoin sa bhliain 2022.
Reáchtáladh comórtas tairisceana sa bhliain 2019 le haghaidh clár gníomhachtaithe do shlatiascairí nua, ag a raibh luach conartha €19,750, arna mhaoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. San athbhreithniú dlíthiúil a rinneadh ina dhiaidh sin a choimisiúnaigh an Bord i mí Iúil 2021, sainaithníodh roinnt easnamh in oibriú an chomórtais tairisceana. Go háirithe, tugadh faoi deara san athbhreithniú go ndearna an coiste meastóireachta earráidí tromchúiseacha sa bhealach a ndearnadh meastóireacht ar na haighneachtaí tairisceana le haghaidh an chláir. Socraíodh, áfach, gur cheart go seasfadh toradh an chomórtais tairisceana.
Cuireadh athbhreithniú iniúchóireachta inmheánaí i gcrích i mí an Mhárta 2023 maidir le maoiniú deontais €4,000, a chuir IFI ar fáil i mí an Mhárta 2021 do chlub slatiascaireachta mara Mhachaire Eabha. Sainaithníodh san iniúchadh laigí suntasacha i gcreat rialachais, i mbainistiú riosca agus i rialuithe inmheánacha IFI don chlár deontais.
Lóiste agus teachíní Eas Liath a bhainistiú
Tá réadmhaoin mhór seanré ag IFI, ar a dtugtar Lóiste Eas Liath, a tógadh mar lóiste iascaireachta in aice le habhainn na hOirimhe i Maigh Eo. Chomh maith leis an lóiste, tá dhá theachín féinfhreastail agus bonn oibríochtaí IFI ar thailte na réadmhaoine. Go dtí an bhliain 2015, bhí foireann ag an lóiste agus ag na teachíní agus ba lóistín ‘leaba is bricfeasta’/féinfhreastail é, ina ndearnadh sainchúram den lónadóireacht le haghaidh slatiascairí. I mí Aibreáin 2015, tar éis próisis soláthair iomaíoch, ceapadh oibreoir seachtrach chun an lóiste agus na teachíní a oibriú. Ba chonradh ar feadh tréimhse díreach faoi bhun 5 bliana é, ach cuireadh deireadh leis an bhliain ina dhiaidh sin, nuair a tharraing an t-oibreoir seachtrach siar ón gconradh.
Ina dhiaidh sin, rinneadh socrú le ball foirne de chuid IFI chun na teachíní a ligean ar cíos do thurasóirí ar bhonn roinnte brabúis. Bhí an socrú sin i bhfeidhm ar feadh 5 bliana, agus cuireadh síneadh leis chun an lóistín a chuimsiú sa bhliain 2021.
San athbhreithniú iniúchóireachta inmheánaí a cuireadh i gcrích i mí Eanáir 2023 ar oibriú Lóiste Eas Liath agus na dteachíní ón mbliain 2014 go 2022, sainaithníodh laigí suntasacha i gcleachtais soláthair, bainistíochta conarthaí agus bainistíochta airgeadais IFI.
Leis na heasnaimh sa rialú a sainaithníodh san iniúchadh inmheánach, nochtadh IFI do riosca airgeadais agus seans nach raibh torthaí maithe luacha ar airgead ann dá bharr sin.
Costais ghnó a bhainistiú
Tá ceanncheathrú IFI lonnaithe in Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath. I mí na Samhna 2021, athraíodh ionad oibre an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin (POF) ó Iarthar na Cathrach go dtí oifig réigiúnach IFI i mBéal Átha Seanaidh. Rinneadh an t-athrú gan údarú ón mBord, agus níl aon fhianaise ann gur ullmhaíodh cás gnó chun tacú leis an athrú. I mí an Mheithimh 2023, d’athraigh na daoine a ceapadh faoi Chuid 18 ionad an POF ar ais go dtí Iarthar na Cathrach, le héifeacht ó mhí Feabhra 2023 (is é sin, ó dháta a gceaptha).
Idir deireadh na bliana 2021 agus mí an Mheithimh 2023, d’éiligh an POF íocaíochtaí cothaithe dar luach €7,972 san iomlán a bhain le tréimhsí nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath chun críocha gnó IFI. Ina measc sin, bhí €1,041 a íocadh tar éis do na daoine a ceapadh faoi Alt 18 dul i mbun a ról, agus a aisíocadh ina dhiaidh sin le IFI.
Sa bhliain 2020, chuir IFI 53 cárta creidmheasa ar fáil dá fhoireann lena n-úsáid, a chaith os cionn €148,000 san iomlán ar na cártaí. Faoi dheireadh na bliana 2024, laghdaigh IFI líon na gcártaí creidmheasa a bhí i bhfeidhm go 17. Cé gur laghdaíodh líon na gcártaí creidmheasa atá i bhfeidhm, tá an iomarca ann fós d’eagraíocht de mhéid IFI.
Bainistiú flít feithiclí
Le linn na bliana 2023, bhí rochtain ag foireann IFI ar 434 feithicil san iomlán, a raibh 196 díobh faoi úinéireacht IFI agus ar léasaíodh 43 díobh ar bhonn séasúrach. I measc na bhfeithiclí eile a úsáideadh, bhí feithiclí a fuarthas ar cíos anois is arís chun críocha an ghnó ar feadh tréimhsí gearra, agus feithiclí na bhfostaithe. In ainneoin an chineáil oibre a mbíonn IFI ag tabhairt fúithi, is cosúil go n-úsáidtear líon mór feithiclí.
Feithiclí gan árachas
Tar éis timpiste bóthair i mí Lúnasa 2021, fuair IFI amach go raibh 15 cinn dá fheithiclí a bhí ar cíos, lena n‑áirítear an fheithicil a raibh baint aici leis an timpiste, gan árachas ar feadh tréimhse. Tógadh na feithiclí uilig gan árachas ar cíos idir an 1 Meitheamh agus an 27 Iúil 2021. Ina dhiaidh sin, d’athraigh IFI a shocruithe árachais ionas nach gá a chuid feithiclí a bheith faoi árachas ar bhonn aonair a thuilleadh.
B’ionann na costais iomlána a thabhaigh IFI mar gheall ar an timpiste bhóthair i mí Lúnasa 2021, lena n‑áirítear na costais a bhain leis an bhfeithicil a dheisiú, agus beagnach €230,000 san iomlán. Tá sé ráite ag IFI go meastar nach mbeidh aon chaingean dlí eile ina choinne i leith na timpiste.
Sochar comhchineáil a bhaineann le feithiclí
B’fheithiclí leictreacha iad beagnach an ceathrú cuid de na feithiclí a bhí faoi úinéireacht IFI ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023. Idir na blianta 2019 agus 2021, shuiteáil IFI luchtphointí d’fheithiclí leictreacha ag seacht gcinn de thithe a fhostaithe, a raibh costas iomlán €11,700 ag baint leo. Sainaithníodh ina dhiaidh sin go raibh sé sin inchánach mar ‘shochar comhchineáil’ (BIK) do na fostaithe. Tá sé deimhnithe ag IFI go bhfuil 6 luchtphointe bainte aige agus i stóras faoi láthair sna hoifigí dá chuid in Iarthar na Cathrach. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na luchtphointí lena n-athúsáid, lena ndíol nó lena gcaitheamh amach mura féidir iad a athúsáid. I gcás an luchtaire a bhí fágtha, cheannaigh an ball foirne de chuid IFI thar barr amach é.
Níor dheimhnigh IFI le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim (‘na Coimisinéirí Ioncaim’) cé acu a tháinig nó nár tháinig BIK chun cinn sular suiteáladh na luchtphointí d’fheithiclí leictreacha. Tar éis athbhreithnithe inmheánaigh, rinne IFI íocaíocht chánach, lena n‑áirítear ús agus pionóis, os cionn €17,600 leis na Coimisinéirí Ioncaim sa bhliain 2023.
Thug na Coimisinéirí Ioncaim faoi athbhreithniú ar leithligh sa bhliain 2019 ar chomhlíonadh BIK IFI, go háirithe na cúinsí ina raibh foireann IFI ag tabhairt feithiclí comhroinnte abhaile. Shocraigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil feithiclí IFI atá páirceáilte thar oíche ag áiteanna cónaithe foirne inchurtha faoi BIK. Mar thoradh air sin, d’íoc IFI socraíocht (lena n‑áirítear ús agus pionóis) €278,000 leis na Coimisinéirí Ioncaim sa bhliain 2019.
Foireann na gníomhaireachta agus luach saothair
Le roinnt blianta anuas, tá úsáid fhorleathan á baint ag IFI as foireann ghníomhaireachta, rud a fhágann go bhfuil IFI ag feidhmiú go leanúnach os cionn an lín foirne atá ceadaithe dó. B’ionann an costas a bhain le foireann ghníomhaireachta a fhostú sa bhliain 2021 agus €743,000. Mhéadaigh sé sin go €882,000 don bhliain 2022.
Rinneadh íocaíochtaí os cionn €11,000 san iomlán sa bhliain 2021 le beirt bhall foirne gníomhaireachta a bhí fostaithe le breis agus dhá bhliain gan aon bhriseadh seirbhíse. Thug sé sin teidlíocht d’fhostaithe ar íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla.
Le linn na mblianta 2021 agus 2022, rinne IFI íocaíochtaí socraíochta agus iomarcaíochta eile ar leithligh le 12 fhostaí arbh ionann iad agus beagnach €99,000.