Tuarascáil Speisialta 119 - Seachadadh agus úsáid bhonneagar fisiciúil Brexit
Tar éis reifreann a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2016, thug an Ríocht Aontaithe (RA) fógra oifigiúil don Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 go bhfágfadh sí an tAontas Eorpach (AE). Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar, a síníodh an 17 Deireadh Fómhair 2019, i bhfeidhm an 31 Eanáir 2020 nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach go hoifigiúil.
Bhí idirthréimhse ann go dtí an 31 Nollaig 2020 chun ligean do chaibidlíocht maidir leis an gcaidreamh nua idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe, ós rud é nach mbeadh an Ríocht Aontaithe mar chuid d’Aontas Custaim agus Margadh Aonair an AE a thuilleadh. D’fhág an t-athrú sin go gcaithfí le hearraí ag teacht isteach san AE ón Ríocht Aontaithe mar allmhairí ó ‘thríú tír’ tar éis an 31 Nollaig 2020, agus go gcaithfí le hearraí arna seoladh ón AE go dtí an Ríocht Aontaithe mar onnmhairí ó thríú tír. Theastódh dearbhuithe custaim ábhartha agus seiceálacha rialaithe sonraithe de chuid an AE chun sláinte ainmhithe, plandaí agus an phobail a chosaint. Ba ghá, anuas air sin, dleachtanna agus cánacha áirithe a chur i bhfeidhm amhail dleachtanna custaim, cáin bhreisluacha agus dleacht mháil ar allmhairiú.
Bhí éiginnteacht nach beag ann suas go dtí deireadh na hidirthréimhse maidir le cé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir le saorthrádáil. Bhí éiginnteacht ann chomh maith do chomhlachtaí poiblí agus don earnáil trádála/gnólachtaí maidir le leibhéal na seiceálacha rialaithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil agus maidir le dleachtanna custaim a bheith i gceist. D’fhág sé sin gurbh éigean do na comhlachtaí poiblí ábhartha iad féin a ullmhú freisin do theacht i bhfeidhm Brexit ‘gan chomhaontú’.
Bhí riosca nach beag ann go ndéanfadh Brexit damáiste eacnamaíoch do gheilleagar na hÉireann, agus go mór mór Brexit a bheith ag teacht i bhfeidhm gan chomhaontú, agus san áireamh leis sin bhí costais bhreise shuntasacha airgeadais, agus moilleanna fada ar thrácht ag calafoirt na hÉireann, na Breataine agus na hEorpa. Bhí sé sin amhlaidh mar thoradh ar chaidreamh trádála ardluacha na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe agus mar gheall ar spleáchas na hÉireann ar ‘dhroichead talún’ na Ríochta Aontaithe chun sciar suntasach de thrádáil na hÉireann le margaí mhór-roinn na hEorpa a éascú.
Díreach tar éis reifreann na Ríochta Aontaithe in 2016, chuir gníomhaireachtaí ábhartha Stáit tús lena bpleanáil inmheánach féin chun iad féin a réiteach i dtéarmaí oibríochtúla do Brexit. Is iad seo a leanas na gníomhaireachtaí a raibh an chosúlacht is mó orthu go ndéanfadh Brexit difear dóibh: Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim; an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM); agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Cé gur samhlaíodh ar dtús go dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar ón AE ar bhonn dea-riartha (agus idirthréimhse go dtí deireadh 2020 san áireamh leis sin), bhí an phleanáil ag deireadh 2018 dírithe níos mó ar Brexit a bheith ag tarlú ar bhonn ‘mí-eagraithe’. Tháinig an tAE agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le Comhaontú Trádála agus Comhair an 24 Nollaig 2020, díreach roimh dheireadh na hidirthréimhse, ar tháinig feidhm leis an 1 Eanáir 2021.
Rialachas cláir agus cinnteoireacht
Tugadh an fhreagracht do ghrúpa stiúrtha, ar ar tugadh an Brexit Infrastructure Group [Grúpa Bonneagair Brexit] (BIG), maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh thionscadail Brexit a bhain le bonneagar fisiciúil. Bunaíodh an Brexit Infrastructure Working Group [Grúpa Oibre Bonneagair Brexit] (BIWG) — a thuairiscíonn do BIG — chomh maith chun monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail. Tionóladh cruinnithe neamhfhoirmiúla rialta ag an leibhéal Ard-Rúnaí, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, chun Brexit a phlé, anuas ar chruinnithe BIG agus BIWG.
Léiríonn a mhéid ball a bhí páirteach in BIG agus sa ngrúpa Brexit faoi stiúir Roinn an Taoisigh araon, agus minicíocht na gcruinnithe sin, go raibh ardleibhéal comhairliúcháin ann maidir le tionscadail bhonneagair Brexit a chomhordú. Dhírigh an coimeád taifead i ndáil leis na cruinnithe ar ghníomhaíochtaí comhaontaithe a dhoiciméadú, seachas ar an réasúnaíocht a bhí leis na cinntí.
An cás gnó cláir
Tháinig gach ceann de na gníomhaireachtaí a raibh tionscadal á urrú acu ar an gconclúid nach raibh na saoráidí reatha leordhóthanach chun déileáil leis an méadú a rabhthas ag súil leis ar mhéid na gníomhaíochta rialaithe a bheadh i gceist chun déileáil le Brexit. Moladh, dá bhrí sin, athfhorbairt shuntasach agus feabhas a chur ar na saoráidí reatha.
Bhí saorghluaiseacht earraí ann idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach sular tharla Brexit, agus is beag doiciméadú a bhí ann maidir le méid agus cineál na n-earraí a bhí i gceist sa ghluaiseacht sin idir an Ríocht Aontaithe agus Éire. Tugadh dúshlán na ngníomhaireachtaí uile, mar sin, meastachán a dhéanamh ar shonraíochtaí na saoráidí a bheadh ag teastáil tar éis Brexit.
Ullmhaíodh cás gnó i mí Dheireadh Fómhair 2018 inar leagadh amach méid agus scála na saoráidí a bhí le soláthar ag Calafort Bhaile Átha Cliath, Ros Láir agus Aerfort Bhaile Átha Cliath. Chuir an cás gnó roimhe an ‘bonn tuisceana is measa’ ina mbeadh gá le sraith iomlán rialuithe custaim an Aontais Eorpaigh agus rialuithe allmhairiúcháin eile chun allmhairí ón mBreatain a phróiseáil tar éis Brexit.
Bhí sonraíochtaí na saoráidí a bhí beartaithe sa chás gnó soiléir agus bhí gá leo chun críche na pleanála fisiciúla. Bhí easpa faisnéise ábhartha agus anailíse sa chás gnó, áfach, trína mhíneofaí an chaoi ar thángthas ar shonraíochtaí gach saoráide, nó na cúiseanna a bhí leo e.g. sonraíochtaí na saoráidí vis-à-vis am próiseála/idirthurais thrácht an chalafoirt a mbeifí ag súil leis. Níl sé indéanta an bonn tuisceana a bhí le méid agus scála gach ceann de na saoráidí arna mbeartú a fhíorú gan rochtain ar na bunsonraí agus na bonntoimhdí a bhí taobh thiar díobh.
Ionsamhlúcháin sreafa tráchta
Thug na Coimisinéirí Ioncaim (le cúnamh ó shainchomhairleoirí seachtracha) faoi chleachtadh samhaltaithe teicniúil in 2019 chun an tionchar a bheadh ag na próisis nua arna mbeartú ar thrácht agus ar shaoráidí Chalafort Bhaile Átha Cliath a imscrúdú. Tháinig roinnt caolas tráchta féideartha tar éis Brexit ag cuid de na saoráidí calafoirt arna mbeartú chun solais sa chleachtadh sin, agus amanna feithimh suntasacha suas le 14 uair an chloig á dtuar do thrácht sa chalafort. Rinneadh coigeartú ar mhéid na seiceálacha rialaithe rioscabhunaithe a rinne na gníomhaireachtaí ábhartha chun ailíniú leis an toilleadh bonneagair reatha féachaint le moilleanna féideartha ar ghluaiseacht earraí agus tráchta trí na calafoirt a íoslaghdú.
Rinne na Coimisinéirí Ioncaim cleachtadh ionsamhlúcháin eile i lár na bliana 2020 agus ba é conclúid an chleachtaidh sin nach mbainfí amach lánacmhainn na saoráidí calafoirt arna mbeartú i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus i Ros Láir/Cill Ruáin ag pointe ar bith sna cásanna tráchta iar-Brexit a bhfuiltear ag súil leo má dhéantar na leibhéil riosca a choigeartú chun moilleanna sna calafoirt a íoslaghdú.
Seachadadh an Chláir Bhonneagair
Cuireadh de chúram ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an clár bonneagair a sheachadadh a cuimsíodh leis ar deireadh 27 tionscadal bonneagair fhisicigh le forbairt i gCalafort Bhaile Átha Cliath (19 dtionscadal), Ros Láir (seacht dtionscadal) agus Aerfort Bhaile Átha Cliath (tionscadal amháin). Cuireadh tús leis an obair go luath in 2019 agus cuireadh na tionscadail i gcrích agus tháinig siad i bhfeidhm sa tréimhse 2019 go 2022.
Cuireadh bail críche i mí Dheireadh Fómhair 2025 ar mhórthionscadal níos fadtéarmaí chun Eoraphort Ros Láir a athfhorbairt le go mbeadh sé in ann freastal ar líon níos mó tráchta agus chun rialacháin AE a chomhlíonadh. Tá an tionscadal sin lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe seo.
Coimisiúnú na dtionscadal bonneagair
Agus í ag féachaint leis na tionscadail a sheachadadh go tráthúil, bhain Oifig na nOibreacha Poiblí úsáid as seirbhísí conraitheora tógála a bhí conraithe aici cheana féin chun oifigí Rialtais i gceantar Bhaile Átha Cliath a dheisiú agus a chothabháil (bunaithe ar sceideal comhaontaithe rátaí íocaíochta), agus le haghaidh miontionscadail tógála (suas le €750,000 an ceann).
Nuair a socraíodh an conradh cothabhála i mí Dheireadh Fómhair 2018, luacháladh ag €15 milliún é (gan CBL a áireamh) thar thréimhse trí bliana (agus foráil sa chonradh chun bliain bhreise a chur leis). Mar a nochtadh i gcuntas leithreasa Oifig na nOibreacha Poiblí don bhliain 2023, ba é €125 mhilliún an méid iomlán a caitheadh faoin gconradh go dtí deireadh 2023, agus san áireamh leis sin bhí costas oibreacha bonneagair Brexit.*
B’ionann caiteachas iomlán Oifig na nOibreacha Poiblí ar 27 dtionscadal bonneagair a bhain le Brexit agus €71.2 milliún (gan CBL) go dtí deireadh 2023. Cé go ndearnadh líon áirithe de thionscadail Brexit a luacháil ag praghsanna a bhí níos ísle ná tairseach an chonartha cothabhála, caitheadh an chuid is mó den chaiteachas a tabhaíodh ar thionscadail a luacháladh os cionn na tairsí, agus mar sin cuireadh go mór leis an gconradh cothabhála.
Ní raibh ach thart ar an gceathrú cuid (27%) de chaiteachas tógála Brexit bunaithe ar an sceideal rátaí arna comhaontú don chonradh cothabhála. Rinneadh na trí cheathrú eile de na hoibreacha a coimisiúnaíodh a phraghsáil lasmuigh de sceideal rátaí an chonartha. Tá sé ráite ag Oifig na nOibreacha Poiblí go ndearna an conraitheoir cothabhála tairiscint do na hoibreacha sin, agus mar sin rinneadh iad a phraghsáil ag rátaí an mhargaidh.
* Féach cuntas leithreasa 2023 Oifig na nOibreacha Poiblí (leathanach 6).
Rialuithe costais agus cionroinnt
Anuas ar na costais tógála thuasluaite de €71.2 milliún, thabhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí costais láithreáin, CBL ar thógáil, táillí suirbhéireachta cainníochta agus táillí gairmiúla eile, costais feistithe, etc. chomh maith. Bhí an caiteachas comhiomlán a thaifead Oifig na nOibreacha Poiblí i ndáil leis na 27 dtionscadal beagán faoi bhun €108 milliún, CBL san áireamh.
Cleachtas seanbhunaithe is ea é Oifig na nOibreacha Poiblí a bheith ag gníomhú mar ghníomhaire do ranna agus oifigí rialtais eile maidir le tionscadail chaipitil a sholáthar agus a sheachadadh. I mí na Samhna 2019, d'ordaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí don OPW costais tionscadail Brexit a chionroinnt go cuí ar na gníomhaireachtaí urraíochta tionscadail faoi seach. Cé go bhfuil an cleachtas maidir le haisíoc den sórt sin réasúnta simplí i gcás ina bhfuil príomhoifig amháin ann, bhí an próiseas níos casta i gcás tionscadail Brexit toisc go raibh go leor gníomhaireachtaí páirteach ar leibhéil éagsúla i ngach ceann de na tionscadail.
Ní raibh foráil ag an tús sna socruithe cuntasaíochta a bhí ag Oifig na nOibreacha Poiblí do chlár Brexit do thaifeadadh nó cionroinnt costas ar bhonn an togra aonair. Cúitíodh caiteachas arna thabhú ag an OPW ó vótaí na ngníomhaireachtaí urraíochta, ach níor cuireadh réitigh mhionsonraithe ar fáil do na sealbhóirí vóta. I gcomhréir le forálacha na Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí, d’éiligh an OPW ar na gníomhaireachtaí urraíochta méideanna a íoc gach bliain a deimhníodh a bheith ceart dá vótaí. Sainaithníodh roinnt earráidí suntasacha, áfach, sna méideanna bliantúla a íocadh.
Léirítear in anailís ar an gcaiteachas Brexit a chuir an OPW ar fáil chun críocha an scrúdaithe seo na suimeanna a cionroinneadh ar na vótaí aonair agus a forchúitíodh uathu. Mar sin féin, níl sonraí dóthanacha san anailís chun gur féidir oiriúnacht chionroinnt na gcostas idir na vótaí éagsúla a fhíorú.
Athbhreithnithe críochnaithe tionscadail
Éilítear faoin gCód Caiteachais Phoiblí go ndéanfaí athbhreithniú críochnaithe tionscadail nuair a bheidh tionscadail bonneagair chaipitil curtha i gcrích.** Níl a leithéid d’athbhreithnithe críochnaithe tionscadail déanta ag an OPW i ndáil le tionscadail Brexit. Tá sé ráite aige go bhfuil sé ar intinn aige athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh a luaithe a bheidh clár iomlán Brexit, lena n-áirítear tionscadal Eoraphort Ros Láir, curtha i gcrích i.e. tar éis mhí Dheireadh Fómhair 2025.
Dá ndéanfaí athbhreithniú níos tráthúla ar na tionscadail shaorsheasaimh atá curtha i gcrích go nuige seo — agus atá i mbun feidhme cheana féin — chuirfí leis na deiseanna foghlama don OPW maidir le feidhmíocht fheabhsaithe a sholáthar agus an tseirbhís is fearr a sholáthar dá gcliaint agus do cháiníocóirí.
** Cuireadh na Treoirlínte Bonneagair lena bhfuil éifeacht ón 1 Eanáir 2024 in ionad an Chóid Caiteachais Phoiblí
Úsáid na Saoráidí Brexit
Léiríonn obair allamuigh scrúdaithe agus anailís ar shonraí ábhartha arna gcur ar fáil ag na gníomhaireachtaí urraíochta go bhfuil tearcúsáid á baint as go leor de shaoráidí bonneagair Brexit.
Calafort Bhaile Átha Cliath
Léiríodh san anailís ar fhaisnéis a chuir na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil maidir le gluaiseachtaí farantóireachta isteach ag Calafort Bhaile Átha Cliath do na blianta 2021 go 2023 go raibh 88% d’fheithiclí, ar an meán, in ann an calafort a fhágáil gan seiceáil ar bith ar theacht isteach dóibh toisc go raibh na seiceálacha doiciméadacha riachtanacha uile curtha i gcrích roimh theacht isteach sa chalafort dóibh. Fuarthas amach san anailís ar shonraí a chuir na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil do sheachtain amháin i mí na Nollag 2023 gur fhág 99% de na feithiclí a tháinig le linn buaicthréimhse (458 bhfeithicil) an calafort ar dhíbhordáil an bháid farantóireachta dóibh, agus nár ghá seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh nó seiceáil fhisiceach chustaim a dhéanamh ach i gcás thart ar 1% (cúig fheithicil) ag an gcalafort.
Léiríodh san anailís ar shonraí a chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar fáil don tréimhse 2 mhí idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2023 maidir leis an líon uasta feithiclí ag buaicthréimhse ar díol spéise don Roinn iad (57), nach raibh seiceáil fhisiceach de dhíth ach ar cheithre cinn díobh, seiceáil ainmhí bheo i gcás ocht gcinn acu agus seiceáil ar shéala coimeádáin i gcás cúig cinn acu. Bhí na 40 feithicil eile in ann an calafort a fhágáil láithreach ar theacht isteach dóibh.
Ní raibh seiceáil fhisiceach ná shamplach ag teastáil ach i gcás 3% de na 6,600 coinsíneacht a sainaithníodh a bheith ina n-ábhar spéise do Sheirbhís Sláinte Comhshaoil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do mhí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2023.
Léirítear sna sonraí a gabhadh maidir le húsáid pháirceáil d’fheithiclí earraí troma (HGV) atá curtha ar fáil ag Calafort Bhaile Átha Cliath (409 spás) go bhfuil ró-acmhainneacht shuntasach ann. Mar sin féin, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na spásanna páirceála atá ar fáil tar éis do chríochfort 7 ag Calafort Bhaile Átha Cliath a bheith tugtha suas i mí an Mhárta 2025.
Bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí maidir le húsáid na saoráidí páirceála HGV trí líon na HGVanna a bhí páirceáilte a chomhaireamh de láimh cúig huaire sa lá agus mhair an cleachtas sin suas go dtí deireadh 2023. Is beag úsáid ar féidir a bhaint as na sonraí a bailíodh mar tháscaire iontaofa ar a mhéid a bhaineann trácht na Ríochta Aontaithe úsáid as na saoráidí páirceála HGV. Bheadh córas uathoibrithe níos éifeachtúla agus sholáthródh sé sonraí úsáide níos iomláine agus níos cruinne.
Chomh maith leis sin, ní dhéantar an tréchur ag gach saoráid a thomhas ar bhealach córasach. Dá ndéanfaí amanna idirthurais a thaifeadadh go huathoibríoch chun sonraí a ghabháil maidir le huainiú tréchuir agus maidir leis an am a thógfaí chun cigireachtaí agus seiceálacha eile a dhéanamh, sholáthrófaí sonraí i bhfad níos fearr maidir le húsáid na saoráidí. D’éascódh forbairt príomhtháscairí feidhmíochta agus taifeadadh sonraí feabhsaithe pleanáil níos fearr chomh maith i gcás eachtraí éigeandála.
Ros Láir, Cill Ruáin
B'ionann na costais a bhain le suíomh a fháil agus saoráidí sealadacha a thógáil ag Ros Láir/Cill Ruáin agus €14.8 milliún. Ní bheidh na saoráidí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh seirbhísí díreacha calafoirt nuair a bheidh úsáid iomlán á baint as an gcríochfort nua in Eoraphort Ros Láir.
Ní raibh ach 24 fheithicil, ar an meán, in aghaidh an bháid farantóireachta a tháinig isteach i Ros Láir idir 2021 agus 2023. Chuaigh 10% díobh sin, ar a mhéad, i dteagmháil leis na saoráidí ag Cill Ruáin, le haghaidh seiceálacha doiciméadacha den chuid is mó. Bhí an 90% nó níos mó d’fheithiclí/leantóirí eile in ann an calafort a fhágáil ar theacht isteach dóibh. Chuir na Coimisinéirí Ioncaim é sin i leith imréiteach custaim ‘fíor-ama’ earraí, bunaithe ar theicneolaíocht, a dhéantar ar an mbád farantóireachta agus é ar a idirthuras idir an Ríocht Aontaithe agus Éire.
Athbhreithniú ar shaoráidí
Seachadadh na sócmhainní a fuarthas trí chlár bonneagair Brexit laistigh de thréimhse ghearr agus i gcomhthéacs na héiginnteachta suntasaí maidir leis an toradh a bheadh ar Brexit agus srianta tromchúiseacha COVID-19. Is cosúil go bhfuil na saoráidí oiriúnach do na críocha atá beartaithe dóibh. Tá an cheist maidir leis an gcaoi a bhfeidhmeoidís i gcás gur tharla Brexit ‘gan chomhaontú’ neamhábhartha anois.
Tá dúshlán ag baint le pleanáil do sholáthar seirbhíse poiblí i gcomhthéacs imeachtaí sa todhchaí atá thar a bheith éiginnte, agus tá an baol ann go bhféadfaí acmhainní a chur i dtreo úsáidí nach bhfuil ag teastáil sa deireadh. Is cineál árachais sna himthosca sin iad forbairtí pleanáilte, agus ní mór a luach ar airgead a mheas sna téarmaí sin.
Léiríonn an tearcúsáid atá á baint faoi láthair as go leor de shaoráidí bonneagair Brexit a tógadh go raibh an comhaontú Brexit a thángthas air níos neamhurchóidí ná mar a bhí measta roimhe sin. D’fhéadfaí an tearcúsáid a mhíniú i bpáirt chomh maith i gcomhthéacs na hoibre for-rochtana trádála ar thug gníomhaireachtaí Stáit fúithi agus na hathruithe tapa a tháinig ar an teicneolaíocht, ar phatrúin trádála agus ar shlabhraí soláthair. D’fhéadfadh sé go raibh tionchar chomh maith ag na dúshláin maidir leis na riachtanais bhonneagair a mheas go cruinn in éagmais sonraí mionsonraithe.
Is gá an bonneagar Brexit a hathmheas go leanúnach chun a chinntiú go mbainfear an úsáid thráthúil is fearr agus is féidir as na saoráidí atá ar fáil. Tá cuid den acmhainneacht bhreise a cuireadh ar fáil trí thionscadail Brexit fágtha ag na gníomhaireachtaí urraíochta cheana féin.
Tá sainchomhairleoirí fostaithe ag an OPW chun measúnú straitéiseach a dhéanamh ar gach saoráid Stáit ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Tá pleanáil leanúnach ar siúl freisin maidir leis an úsáid a bhainfear as an láithreán atá faoi úinéireacht an Stáit i gCill Ruáin sa todhchaí a luaithe a bheidh an críochfort nua in Eoraphort Ros Láir ag feidhmiú go hiomlán.