Beartas Fianán
Léiríonn Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste meas ar phríobháideachas úsáideoirí uile ár láithreáin ghréasáin. Tugtar cuntas sa mhéid seo a leanas ar ár mbeartas a bhaineann fianáin a úsáid. Féadfaimid an beartas seo a nuashonrú ó thráth go chéile chun aon athruithe a léiriú a thagann ar an teicneolaíocht agus/nó reachtaíocht nó ar mbeartais um úsáid sonraí ina bhféadfaí an bealach a léiriú a úsáidimid fianáin agus conas is féidir leatsa, mar úsáideoir, iad a bhainistiú. Tá an beartas fianán seo mar chuid dár Ráiteas Príobháideachais, ar an iomlán.
Cad is fianán ann?
Comhad beag téacs é fianán is féidir a stóráil ar do ríomhaire nó gléas móibíleach ina bhfuil sonraí a bhaineann le láithreán gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ceadaíonn roinnt fianáin duit “cuimhneamh” ar do ghníomhartha nó roghanna i gcaitheamh tréimhse ama. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin. Go ginearálta, ní chuimsíonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir thú a shainaithint, murar thug tú an fhaisnéis sin don láithreán gréasáin.
Is féidir le húinéir an láithreáin ghréasáin fianáin a shocrú nó is féidir le seirbhísí tríú páirtithe iad a shocrú i gcásanna áirithe nuair a thugann úinéir an láithreáin ghréasáin cead dóibh faisnéis eile a sholáthar, ábhar a rith nó feidhmiúlacht eile a sholáthar, ar nós anailísíochta.
Cad is fianán ann?
Ní úsaideann ár láithreán gréasáin fianáin ach le haghaidh
- feidhmiúlacht atá dianriachtanach le haghaidh seirbhísí a iarrann an t-úsáideoir go soiléir dá sheisiún de réir Rialachán 5(5), SI 336 de 2011 (na Rialacháin Ríomhphríobháideachais). Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin seisiúin. Úsáidtear fianáin seisiúin chun bunfheidhmeanna láithreán gréasáin a sheachadadh m.sh. chun ligean do leathanaigh cuimhneamh ar athruithe teicniúla nó ar roghnúcháin a d’fhéadfá a dhéanamh idir leathanaigh. Is fianáin shealadacha iad fianáin seisiúin agus déantar iad a scriosadh de ghnáth nuair a dhúnann tú do bhabhsálaí.
- monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an láithreán ghréasáin agus sonraí gan ainm ar thrácht chuig an láithreán gréasáin a bhailiú. Cuidíonn na fianáin seo lena chinntiú go bhfuil go leor acmhainní ríomhaireachta ann chun freastal ar an láithreán gréasáin. Tugtar ‘fianáin anailíseacha’ orthu seo.
Ní úsáideann ár láithreán gréasáin aon fhianáin triú páirtí nó fianáin mharthanacha.
Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht ag tabhairt eolais duit faoi fhianáin. Má chliceálann tú an cnaipe, ‘Glac le gach fianán’, socrófar fianán a thaifeadann do rogha. Is féidir leat do shainrogha maidir le fianáin a athrú trí chuairt a thabhairt ar ár leathanach bainistíochta fianán ag am ar bith nó trí chliceáil anseo.
Ligeann mórchuid na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó do shocruithe d’fhianáin a chur in oiriúint. Chun a fháil amach conas é seo a dhéanamh, féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi dheara le do thoil má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, go mb’fhéidir nach n-oibreodh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin i gceart.
Aon cheisteanna eile – déan teagmháil leis an té seo:
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,
3A Sráid an Mhéaraigh Uachtarach.
Ríomhphost:webmaster@audit.gov.ie
Fón: + 353 1 863 8600