Aschuir agus Teagmháil Eile
Bainimid leas as raon modhanna lenár gcuid oibre agus cleachtas a chur in iúl, le caidreamh gníomhach a chur ar bun lenár gcuid páirtithe leasmhara, agus lena chinntiú go mbíonn fáil ag na daoine a úsáideann seirbhísí poiblí agus a chuireann ar fáil iad araon ar ár gcuid oibre agus go mbíonn sí fiúntach dóibh.
Tacaímid le gach cruinniú poiblí den Choiste um Chuntais Phoiblí agus tugaimid fianaise ann.
Ós rud é gurb é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Reachtaire an Státchiste, tugann sé údarás chun cistí a scaoileadh ón Státchiste ar fhoréileamh an Aire Airgeadais nó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Ní mór do na cistí a fhoréilítear a bheith chun críocha atá ceadaithe le dlí agus ní féidir ach an méid a údaraíonn Dáil Éireann a tharraingt anuas.
Tugaimid freagra ar cheisteanna ón bpobal i gcoitinne agus
ó na meáin chumarsáide.
Cothaímid caidreamh gníomhach le comhlachtaí poiblí eile agus
leis an earnáil iniúchóireachta ar réimsí na hiniúchóireachta agus an tuairiscithe airgeadais.
Mar an t-iniúchóir poiblí náisiúnta, cothaímid caidreamh agus coinnímid i dteagmháil le comhlachtaí idirnáisiúnta éagsúla agus le comhghleacaithe i ndlínsí eile.