Iniúchtaí Bliantúla Eile
Tuairisc an iniúchóra neamhspleách
Déanaimid iniúchadh ar chuntais breis is 200 comhlacht poiblí gach bliain agus eisímid tuairisc an iniúchóra neamhspleách ar na cuntais don chomhlacht. Leagtar amach sna tuairiscí iniúchta sin ár dtuairim ar na cuntais, lena n-áirítear cibé acu an dtugtar iontu léargas fírinneach, cóir, agus an bhfuil an t-ioncam agus an caiteachas dleathach.
Déanann an comhlacht socruithe leis na cuntais arna n-iniúchadh a chur faoi bhráid an Oireachtais.
Aschuir iniúchta eile
De bhreis ar thuairiscí an iniúchóra neamhspleách, eisímid ‘tuairisc dóibh siúd atá freagrach as cúrsaí rialachais’ do chomhlachtaí, ar tuairisc rúnda í dá ndéantar foráil sna caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí rialaithe agus le laigí eile nach gá a thuairisciú don phobal. Leagtar amach go foirmiúil sna tuairiscí sin faisnéis faoin bhfadhb agus faoina bhfuil beartaithe ag an lucht bainistíochta le dul i ngleic léi. Tar éis iniúchadh a chur i gcrích, is í an cháipéis sin (a dtugtar an litir bhainistíochta uirthi go hiondúil) atá mar bhonn agus mar thaca ag an gcaidreamh gníomhach a chothaítear idir muid agus an fhoireann feidhmiúcháin, boird agus coistí iniúchta d’fhonn cabhrú leis an eagraíocht a cuid córas agus rialuithe a fheabhsú.