Obair ar Ardchaighdeán a Chinntiú
Tá cáilíocht ár gcuid oibre bunaithe ar dhá phríomhphrionsabal :
- cáilíocht a dhaingniú inár gcultúr agus inár gcleachtais laethúla, agus
- monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin agus gníomhú ar na ceachtanna atá le foghlaim.
Déantar na hiniúchtaí agus na scrúduithe airgeadais go léir i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta.
Tá polasaithe agus próisis ar bun againn maidir le hearcaíocht, oiliúint, oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach, agus cóid iompair. Tá tuilleadh eolais faoinár bpróisis iniúchta agus scrúdaithe le fáil.