Tuarascálacha
Cuntais na seirbhísí poiblí
Gach bliain cuirimid tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais ar na nithe seo a leanas
Cuntais Leithreasa
Foilsímid ár dtuairim ar chuntais thart ar 40 roinn, oifig agus seirbhís rialtais tar éis dúinn iniúchadh a dhéanamh orthu agus deirimid cibé acu an dtugtar iontu léargas cóir ar an gcaiteachas agus ar an bhfáltas don bhliain airgeadais. Tuairiscímid freisin sa chás nár cuireadh caiteachas i bhfeidhm ar an mbealach a éilítear leis an dlí.
Tuarascálacha ar chuntais na seirbhísí poiblí
Foilsímid tuarascálacha ar nithe a éiríonn as na hiniúchtaí ar na cuntais leithreasa chomh maith. Baineann tuarascálacha den sórt sin le laigí tromchúiseacha/córasacha sna rialuithe atá i bhfeidhm i ranna, caillteanais shuntasacha airgeadais nó ábhair eile a bhaineann le luach ar airgead.
Scrúduithe/tuarascálacha speisialta
Agus an obair tuairiscithe á cur i gcrích, dírímid ar réimsí inar féidir luach a chur leis agus a bhfuil an poitéinseal is mó ann le feabhsú. Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus tuairiscí á roghnú.
Rioscaí atá ag teacht chun cinn - Freagairt do rioscaí agus athruithe atá ag teacht chun cinn sa timpeallacht lena náirítear tionchar agus freagairt an Rialtais ar COVID19 agus cibear-ionsaithe.
Rioscaí do VFM - Leanfaidh ár gcuid oibre leanúnach ag díriú ar réimsí a mbaineann rioscaí do VFM leo - lena n-áirítear fócas ar sheachadadh mórthionscadal caipitil; cláir shuntasacha Rialtais, nuachóiriú agus rialachas na státseirbhíse agus cuntasacht eintiteas a fhaigheann maoiniú ón Státchiste.
Tionchar ar shaoránaigh (m.sh. ceantair a mbíonn fíor-thionchar acu ar shaol laethúil na saoránach, le fócas ar shaoránaigh atá ag brath go háirithe ar an Stát, mar gheall ar chéim an tsaoil, stádas sláinte agus cúinsí saoil).
Inbhuanaitheacht níos fadtéarmaí - cuimsíonn sé saincheisteanna cosúil le déimeagrafaic, spriocanna forbartha inbhuanaithe agus an comhshaol.