An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Is é misean an ARC&C ná dearbhú neamhspleách a thabhairt go n-úsáidtear cistí agus acmhainní poiblí de réir an dlí, go mbainistítear go ceart iad agus go dtugtar cúiseanna cearta ina leith, mar aon le rannchuidiú le riarachán poiblí a fheabhsú.
Ceanglaítear le dlí ar an ARC&C
- tuairimí a eisiúint ar chuntais ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a ndéanann sé iniúchadh orthu
- tuairiscí a fhoilsiú ar ábhair thábhachtacha, arna roghnú dá rogha féin, i ndáil le luach ar airgead agus le riar cistí poiblí
- údarás a thabhairt, faoina fheidhm mar an Ard-Reachtaire Ciste, airgead poiblí a scaoileadh ón Státchiste chun críocha a shonraítear le dlí
Leagtar amach in Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923, agus in Acht an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste (Leasú), 1993, na príomhfhorálacha reachtacha a rialaíonn cumhachtaí agus dualgais an ARC&C
Is comhalta de bhrí oifige den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus den Choimisiún Reifrinn é an ARC&C.
Idirghníomhaíochtaí leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí
Cuirtear gach tuarascáil de chuid an ARC&C i láthair Dháil Éireann déanann coiste, ar a dtugtar an Coiste um Chuntais Phoiblí, scrúdú orthu thar ceann na Dála.
Cé go bhfuil dlúthchaidreamh oibre idir an Coiste um Chuntais Phoiblí agus an ARC&C, tá siad beirt araon réasúnta neamhspleách ó thaobh an dlí agus sa chleachtas. Déanann an ARC&C (nó comhalta sinsearach de chuid fhoireann na hOifige nuair nach mbíonn an ARC&C féin i láthair), freastal ar chruinnithe an Choiste um Chuntais Phoiblí mar fhinné buan.
Le haghaidh tuilleadh eolais i ndáil leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí, féach ar an nasc seo a leanas chuig suíomh idirlín an Choiste:
An Coiste um Chuntais Phoiblí | Ról - Tithe an Oireachtais
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Reatha
Ceapadh Seamus McCarthy mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 28 Bealtaine 2012.
Sular ceapadh é, chaith an tUasal McCarthy seirbhís mar Stiúrthóir Iniúchóireachta san Oifig. Sular tháinig sé chun oibre leis an Oifig in 1994, d’oibrigh sé sa Roinn Airgeadais, áit a ndearna sé obair anailíse polasaí agus taighde ar oibríochtaí.
Na hArd-Reachtairí Cuntas agus Ciste a bhí in oifig in Éirinn ó 1923 i leith
Bliain | Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste |
2012 chun dáta | Seamus McCarthy |
2008 - 2012 | John Buckley |
1994 - 2008 | John Purcell |
1981 - 1994 | P L McDonnell |
1973 - 1981 | Sean MacGearailt |
1964 - 1973 | Eugene Suttle |
1953 - 1964 | Liam O Cadhla |
1949 - 1953 | William Eugene Wann |
1944 - 1949 | John Maher |
1923 - 1944 | George McGrath |