Iniúchadh Airgeadais
Tá an próiseas iniúchta mar aon leis an athbhreithniú agus na rialuithe chun cáilíocht na dtuarascálacha a tháirgtear a chinntiú leagtha amach sa léaráid seo.
Cáilíocht na n-iniúchtaí a chinntiú
Is é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an t-iniúchóir a dhéanann iniúchadh ar chuntais comhlachtaí poiblí de réir an dlí. Is éard is aidhm leis na hiniúchtaí sin ná dearbhú réasúnta a fháil go bhfuil na ráitis airgeadais arna n-ullmhú ag an gcomhlacht curtha i láthair de réir an chreata chuí nó na rialacha cuí cuntasaíochta.
Baill foirne dár gcuid a dhéanann an chuid is mó de na hiniúchtaí, agus iad grúpáilte ina bhfoirne faoi bhainisteoir iniúchtaí atá cáilithe go gairmiúil (iniúchóir sinsearach). Ar na foirne bíonn idir chuntasóirí cáilithe agus chuntasóirí faoi oiliúint atá ag gabháil do staidéir ghairmiúla le ceann de na comhlachtaí aitheanta cuntasaíochta gairmiúla. Tá creat foghlama agus forbartha againn, a bhfuil an fhorbairt ghairmiúil leanúnach do bhaill foirne cháilithe san áireamh ann.
I roinnt cásanna, déanann gnólachtaí cuntasaíochta gairmiúla iniúchtaí airgeadais thar ár gceann. Is muidne atá freagrach as na hiniúchtaí sin, áfach.
Tá beartais agus próisis curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go mbaintear amach na caighdeáin cháilíochta is airde i ngach uile iniúchadh airgeadais.
Creat iniúchóireachta
Tá creat foriomlán ann a ndéantar gach uile iniúchadh airgeadais dá réir
- déantar na hiniúchtaí go léir de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir leis an Iniúchóireacht
- caithfidh na baill foirne ar fad a bhfuil baint acu le hiniúchtaí cód iompair agus caighdeáin eiticiúla a chomhlíonadh
- tá lámhleabhar maidir le hiniúchadh airgeadais againn ina leagtar amach ár modheolaíocht (an chaoi a gcuirimid na caighdeáin i bhfeidhm) le treoir a thabhairt don fhoireann i mbun oibre ar iniúchtaí
- tá córas taifeadta leictreonach iniúchtaí againn ar a dtaifeadtar an obair ar fad a dhéantar agus an fhianaise a fhaightear i dtaca le gach iniúchadh
An próiseas iniúchóireachta agus athbhreithnithe
Tá roinnt céimeanna i gceist leis an bpróiseas iniúchóireachta – pleanáil, obair allamuigh agus athbhreithniú. Tá roinnt leibhéil éagsúla athbhreithnithe ann chomh maith ar aidhm leo a chinntiú go déantar na cinntí agus na conclúidí cearta. I gcás iniúchtaí áirithe, déanann bainisteoir, atá neamhspleách ar an bhfoireann iniúchta, athbhreithniú breise orthu.
Monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin
San áireamh inár gcóras rialaithe caighdeán d'iniúchtaí airgeadais, tá bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin, lena n-áirítear athbhreithniú ar
- gach iniúchadh arna dhéanamh ag comhlachtaí tráchtála ag bainisteoir sinsearach roimh a dheimhniú
- sampla d’iniúchtaí tar éis a ndeimhnithe ag athbhreithneoir seachtrach gach dhá bhliain
- sampla d'iniúchtaí ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sa chás gur fhág sé síniú an chinnidh iniúchta faoi dhuine eile.
Ceachtanna a fhoghlaim
Déantar na torthaí ón obair athbhreithnithe sin a mheas agus a ionchorprú isteach i riachtanais oiliúna na hOifige. Déanaimid machnamh ar aon mholtaí a éiríonn as an obair athbhreithnithe agus, nuair is iomchuí, ceartaímid ár gcórais agus ár modheolaíocht iniúchta. Déanaimid machnamh freisin ar na ceachtanna a foghlaimíodh mar thoradh ar iniúchtaí ar leith.
Féadann baill foirne nithe is údar imní dóibh maidir le cáilíocht iniúchtaí a ardú chomh maith le bainisteoir sinsearach atá neamhspleách ar an bpróiseas iniúchta. Ina theannta sin, cuirimid fáilte is fiche roimh aiseolas ón bpobal agus ó na comhlachtaí is ábhar do na hiniúchtaí faoi cháilíocht ár seirbhíse.