Luachanna, Iompair agus Cultúr

Aithníonn an Oifig go mbraitheann torthaí maithe iniúchóireachta ar scileanna, luacha agus iompar an lucht bainistíochta agus na foirne. Tá an Oifig tiomanta chun oibriú go dian chun na luachanna seo a leanas a leabú ina chultúr oibre.

Is é aidhm na hOifige ná cultúr agus luachanna bainteacha a choinneáil agus a chothú trína ndéantar eiseamláir den iompar eiticiúil agus den rialachas éifeachtach. Is croí-luachanna don Oifig iad an neamhspleáchas, an oibiachtúlacht, an ghairmiúlacht agus an sármhaitheas agus tá siad seo ailínithe leis na caighdeáin atá ar léiriú sa mhéid seo

  • Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse
  • iniúchóireacht ghairmiúil agus Caighdeáin Eiticiúla
  • reachtaíocht ar eiticí

Is iad seo a leanas ár luachanna fógartha a n-oibreoimid go dian le hiad a leabú i ngach gné dár n-obair, inár ngnóthaíocht le cliaint agus inár gcaidreamh lena chéile.

Oibiachtúil agus Neamhspleách ar ár nObair

  • Ceisteanna le haghaidh scrúdaithe a roghnú atá tábhachtach i gcomhthéacs bhainistiú cistí poiblí.
  • Iniúchtaí de réir na gcaighdeán infheidhmithe.
  • Cinntiú go bhfuil ár dtuairiscí cóir agus cothrom.

Cuiditheach agus cabhrach inár ngnóthaíocht le comhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu

  • Ár gcuid riachtanas agus ionchas a chur in iúl chun cabhrú le comhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu críochnú an phróisis freagrachta a bhaint amach go tráthúil.
  • Riachtanais dhlisteanacha na gcomhlachtaí a ndéantar iniúchta orthu a shainaithint chun a gcuntasacht a chomhlíonadh go tráthúil.
  • Comhfhreagras iar-iniúchta a eisiúint a chabhraíonn le hagraíochtaí a rialú agus bainistiú a fheabhsú.
  • Freastal ar na príomhchruinnithe de chuid coistí iniúchóireachta ar chomhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu.

Barr feabhais i stiúradh ár gcuid oibre

  • Ceisteanna le haghaidh scrúdaithe a roghnú atá tábhachtach i gcomhthéacs bhainistiú cistí poiblí.
  • Na modheolaíochtaí iniúchóireachta is cost-éifeachtaí agus cuir chuige ríomhchuidithe a ghlacadh.
  • Ár bhfoireann a fhorbairt ionas go bhféadann an t-ionchur optamach a bheith acu do sheachadadh seirbhísí poiblí iniúchóireachta le linn dóibh a ngairm bheatha féin sa tseirbhís phoiblí a bhogadh ar aghaidh.

Inár ngnóthaíocht inmheánach

  • Timpeallacht oibre dhearfach a chothú ina bhfuil an fhoireann cumasaithe le hionchur a thabhairt.
  • Cultúr oibre a threisiú atá tiomanta ag feidhmíocht.
  • An deis a thapú aghaidh a thabhairt ar cheisteanna go réamhghníomhach, glacadh le haiseolas cuiditheach mar áis don fhorbairt leanúnach.

Cuirtear na luachanna seo in iúl don fhoireann uile. Táthar ag súil leis ón bhfoireann go gcuirfidh siad iad féin ar an eolas faoi na cóid, rialacha agus reachtaíocht uile chuí a rialaíonn an Státseirbhís, lena n-áirítear feidhmiú riachtanais na rúndachta agus iad ag plé le heagraíochtaí poiblí.

Tá foireann bainistíochta na hOifige i gceannas ar chur i ngníomh agus ar bhainistiú na gcóras, na bpróiseas agus na n-iompraíochtaí is gá le dea-rialachas corparáideach a chur chun cinn ar fud na heagraíochta ionas go n-oibreoidh foireann uile na hOifige as lámha a chéile mar fhoireann ardfheidhmíochta.

I gcomhthéacs an dea-rialachais, tá éifeachtacht ár gcóras bainistíochta, an cultúr rialaithe agus an timpeallacht rialaithe faoi.

Ionracas ag an Obair

Tá an Bord Iniúchóireachta san Oifig tiomanta do chur chuige neamhfhulaingthe a ghlacadh maidir le breabaireacht, éilliú agus calaois. 

Innéacs Ionracais Náisiúnta Transparency International Ireland