Scrúdú agus Tuairisciú
Tá an próiseas scrúdaithe mar aon leis an athbhreithniú agus na rialuithe chun cáilíocht na dtuarascálacha a tháirgtear a chinntiú leagtha amach sa léaráid seo.
Cáilíocht scrúduithe agus tuarascálacha a chinntiú
De bhreis ar an iniúchadh airgeadais, tá sé de dhualgas ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairisciú don Oireachtas de réir mar a shonraítear sa dlí.
Féadann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, dá lánrogha féin, scrúduithe luach ar airgead a dhéanamh ar na comhlachtaí earnála poiblí siúd atá laistigh dá théarmaí tagartha agus torthaí na hoibre sin a thuairisciú don Oireachtas. Tugann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairiscí don Oireachtas ar ábhair a éiríonn as a n-iniúchtaí airgeadais chomh maith, mar seo a leanas :
- tar éis an t-iniúchadh ar chuntais na ranna rialtais go léir a chur i gcrích, ullmhaíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascáil ar na hábhair sin a mheasann sé is cuí a éiríonn as na hiniúchtaí sin nó as na scrúduithe a dhéanann sé ar na rialuithe inmheánacha cuntasaíochta a fheidhmítear sna ranna
- i gcás iniúchtaí eile (m.sh. comhlachtaí neamhthráchtála Stáit, nó comhlachtaí oideachais nó sláinte), tá sé de cheart ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nuair a mheasann sé is cuí, tuarascáil speisialta a chur i dtoll a chéile i ndáil le ‘haon ábhair ghinearálta a éiríonn as iniúchtaí’.
Is iad baill foirne dár gcuid atá cáilithe go gairmiúil a théann i mbun na scrúduithe agus na hoibre tuairiscithe. Ó am go chéile, faighimid cabhair sheachtrach nuair nach mbíonn fáil ar an saineolas is gá taobh istigh den eagraíocht, mar shampla, cúnamh le cúrsaí leighis i gcás scrúdú ar an earnáil sláinte nó cúnamh le cúrsaí teicneolaíochta faisnéise i gcás scrúdú ar chúrsaí slándála TFC.
Tá beartais agus próisis curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go mbaintear amach na caighdeáin cháilíochta is airde i ngach uile scrúdú airgeadais.
Creat scrúdaithe
Tá creat foriomlán ann a ndéantar gach uile scrúdú dá réir
- déantar na scrúduithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta
- caithfidh na baill foirne ar fad a bhfuil baint acu le hiniúchtaí cód iompair agus caighdeáin eiticiúla a chomhlíonadh
- tá lámhleabhar maidir le tuairisciú airgeadais againn ina leagtar amach ár modheolaíocht (an chaoi a gcuirimid na caighdeáin i bhfeidhm) le treoir a thabhairt don fhoireann i mbun oibre ar scrúduithe
- tá nósanna imeachta agus córais againn le taifead a choinneáil ar an obair ar fad a dhéantar agus ar an bhfianaise a fhaightear i dtaca le gach scrúdú.
Straitéisí agus pleananna scrúdaithe
Déantar ár gcuid oibre scrúdaithe i gcomhthéacs ár straitéise ilbhliantúla tuairiscithe, a bhíonn ceadaithe ag an lucht ardbhainistíochta. Déantar straitéisí earnála a fhorbairt le haghaidh gach ceann de na mórearnálacha laistigh den rialtas láir agus cuirtear pleananna bliantúla i dtoll a chéile i ndáil le hábhair atá le meas. Mar a éiríonn ceisteanna as iniúchtaí airgeadais, cuirtear na pleananna in oiriúint d'ábhair áirithe a d’fhéadfaí a chur faoi chaibidil.
An próiseas scrúdaithe agus athbhreithnithe
Tá roinnt céimeanna i gceist leis an bpróiseas scrúdaithe – raon feidhme an tionscadail a mheas agus tús a chur leis, obair allamuigh agus athbhreithniú. Tá roinnt leibhéil éagsúla cur agus cúiteamh agus athbhreithnithe ann chomh maith ar aidhm leo a chinntiú go déantar na conclúidí cearta. Tá próiseas imréitigh láidir ann le comhlachtaí poiblí d’fhonn a chinntiú go gcuirtear na tuairimí atá acu ar na dréacht-torthaí agus ar na dréachtchonclúidí san áireamh go ceart cothrom sula bhfoilsítear aon tuarascáil. Féadfaidh an próiseas seo a leathnú freisin le páirtithe eile a thabhairt isteach ann. Déanann an lucht ardbhainistíochta, bainisteoir sinsearach atá neamhspleách ar an bhfoireann iniúchta ina measc, athbhreithniú deireanach ar an tuarascáil sula bhfoilsítear í.
Monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin
San áireamh inár gcóras rialaithe caighdeán do scrúduithe, tá bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin, lena n-áirítear:
- athbhreithnithe iarthionscadail agus ceardlanna bliantúla don fhoireann (áit ar féidir leis an bhfoireann nithe is údar imní dóibh a ardú)
- athbhreithniú tréimhsiúil ar shampla de na tuarascálacha ag athbhreithneoir seachtrach
- suirbhéanna tréimhsiúla sásaimh ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí agus ar pháirtithe leasmhara eile, rudaí a chuireann bonn eolais faoin gcaoi a ndéanaimid iarracht ár gcuid seirbhísí a fheabhsú.
Ceachtanna a fhoghlaim
Déantar na torthaí ón obair athbhreithnithe sin a mheas agus a ionchorprú isteach i riachtanais oiliúna na hOifige. Déanaimid machnamh ar aon mholtaí a éiríonn as an obair athbhreithnithe agus, nuair is iomchuí, ceartaímid ár gcórais agus ár modheolaíocht scrúdaithe. Ina theannta sin, cuirimid fáilte is fiche roimh aiseolas ón bpobal agus ó na comhlachtaí poiblí faoi cháilíocht ár seirbhíse.