Cé air a ndéanaimid iniúchtaí
Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais thar réimse leathan gníomhaíochtaí Stáit. Tá sé freagrach, go háirithe, as iniúchadh a dhéanamh ar an méid seo:
- An Rialtas Láir
◦ Cuntais Leithreasa
◦ Cuntais a bhaineann leis an gCiste Láir
◦ Cistí eile
- Cistí arna riar ag Ranna Rialtais
- Comhlachtaí Státurraithe Neamhthráchtála
- Comhlachtaí amhail Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéal eile, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí Sláinte agus Boird Oideachais agus Oiliúna
Tá gach ceann de na cuntais atá le deimhniú do 2021, rangaithe de réir cineáil, ar fáil trí chatagóir an chuntais, ar thaobh na láimhe clé, a roghnú.