Cuntais Leithreasa
Soláthraíonn Dáil Éireann airgead le haghaidh ghnáthsheirbhísí na ranna agus na n-oifigí rialtais, idir airgead caipitil agus neamhchaipitil, trí mheastacháin a cheadú le haghaidh na seirbhísí sin i rith gach bliana, agus trí fheidhm reachtúil a thabhairt do na meastacháin san Acht Leithreasa bliantúil.
Ag deireadh gach bliana airgeadais, bíonn ar gach roinn agus oifig cuntas a ullmhú, ar a dtugtar an cuntas leithreasa, le haghaidh gach seirbhíse vótáilte atá á riar faoina cúram. Tá dualgas reachtúil ann sonraí an toraidh don bhliain i gcomparáid leis an méid a sholáthair Dáil Éireann, bunaithe ar shuimeanna airgid thirim na n-íocaíochtaí agus na bhfáltas, a chur ar fáil sa chuntas leithreasa.
Seo thíos na ranna éagsúla a dhéanann na cuntais leithreasa seo, agus tá sé de chúram ar an Oifig iad seo uile a iniúchadh.
Talmhaíocht, Bia agus Mara | Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit |
Pinsin Airm | Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí |
Fiontar Gnó agus Nuálaíocht | Oifig an Aire Airgeadais |
An Phríomh-Oifig Staidrimh | Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí |
Leanaí agus Gnóthaí Óige | Oifig an Ombudsman |
Cumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol | Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim |
An tSeirbhís Chúirteanna | Údarás Póilíneachta |
Cultúr, Oidhreacht agus an Ghaeltacht | Teaghlachas an Uachtaráin |
Cosaint | Príosúin |
Oideachas agus Scileanna | Údarás Clárúcháin Maoine |
Fostaíocht agus Cosaint Shóisialta | Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí |
Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil | Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú |
An Garda Síochána | Forbairt Tuaithe agus Pobail |
Sláinte | Seirbhís Sicréidí |
Tithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil | An tSaotharlann Stáit |
Comhoibriú Idirnáisiúnta | Aoisliúntas agus Liúntais ar Scor |
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas | Taoiseach |
An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte | An Coimisiún Achomhairc Chánach |
Oifig Soláthair an Rialtais | Iompar, Turasóireacht agus Spórt |
Oifig na nOibreacha Poiblí | An Oifig Luachála |
Oifig an Ard-Aighne | |