Ceisteanna Coitianta

Ceist: Céard é feidhm an ARC&C mar Reachtaire?

Freagra: Baineann feidhm an “Ard-Reachtaire” le ceist airgid ón Státchiste. Nuair a bhíonn sé sásta go mbaineann an cheist iarrtha le seirbhísí údaraithe ag Dáil Éireann, cuireann an ARC&C in iúl don Bhanc Ceannais go bhfuil sé réidh le bogadh ar aghaidh.

Ceist: An ndéanfaidh an ARC&C imscrúdú ar ábhar ar leithligh a tharraingíonn duine den phobal aníos?

Freagra: Féachfaidh an ARC&C ar gach cúinse ina bhfuil mí-úsáid á baint as cistí poiblí agus a thugtar dá aird ag daoine den phobal. Maidir le cé acu an bhfuil údar le himscrúdú nó le scrúdú mar chuid den ghnáth-iniúchadh airgeadais, braithfidh sé sin ar chúinsí áirithe an cháis, ar a ábharthacht, agus ar an bhfianaise atá ar fáil chun bunús a thabhairt do na cúinsí i ndáil leis an mí-úsáid líomhnaithe as cistí poiblí.

Ceist: Cé a dhéanann iniúchadh ar chuntais Oifig an ARC&C?

Freagra: Déanann gnólacht cuntasóirí ar conradh iniúchadh neamhspleách ar chuntais an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Ceist: An bhfuil taifid Oifig an ARC&C faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise?

Freagra: Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, tá taifid a bhaineann le riar ginearálta Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi réir scaoilte. Maidir le taifid a bhaineann le iniúchadh, cigireacht nó scrúdú déanta ag an Oifig (seachas taifead a cruthaíodh roimh thús an iniúchta, na cigireachta nó an scrúdaithe), níl siad seo faoi réir scaoilte faoin Acht.