Struchtúr na hEagraíochta
Sannann an ARC&C róil agus freagrachtaí ar an bhfoireann, nó déantar faoina údarás é, de réir na reachtaíochta.
Déanann na boird seo a leanas gnó na hOifige a bhainistiú:
- an Bord Iniúchóireachta – ar a bhfuil an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an Rúnaí agus na Stiúrthóirí Iniúchóireachta. Déanann an Bord Iniúchóireachta maoirseacht ar fhorbairt agus ar chur i ngníomh straitéisí agus déanann athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht oibriúcháin.
- an Bord Bainistíochta – ar a bhfuil na Stiúrthóirí agus na Leas-Stiúrthóirí Iniúchóireachta, agus a dhéanann bainistiú agus feidhmiú na hOifige a chomhordú.
Tá an Oifig eagraithe ina stiúrthóireachtaí, a bhfuil triúr Stiúrthóirí Iniúchóireachta i gceannas orthu agus atá bunaithe ar na cláir iniúchóireachta agus thuairiscithe. Laistigh de gach stiúrthóireacht, sanntar punanna oibre do roinnt rannóg, atá bunaithe ar na hearnálacha éagsúla atá ina gcuid den tseirbhís phoiblí.
Is é an Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchóireachta atá freagrach as riar na hOifige, lena n-áirítear acmhainní daonna, feidhmeanna airgeadais, saoráidí agus teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide. Mar Oifigeach Cuntasaíochta, tá sí freagrach as úsáid acmhainní san Oifig.
Tá an t-údarás tarmligthe ag Stiúrthóirí Iniúchóireachta chun an tuairim iniúchóireachta a chur ar fáil thar ceann an ARC&C maidir le cuntais comhlachtaí áirithe poiblí. Féadann an t-údarás tarmligthe a bheith ag stiúrthóir chomh maith chun creidmheasanna don Státchiste a dheonú de bhun iarrtar le haghaidh nó thar ceann an Aire Airgeadais.
Tá struchtúr na heagraíochta leagtha amach sa léaráid thíos: