Saoráil Faisnéise
Saoráil Faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, cuirtear rochtain ar fáil duit, ach iarratas a dhéanamh, ar thaifid oifigiúla arna gcoinneáil ag oifigí poiblí amhail Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Faoin Acht, tá an ceart agat chun aon fhaisnéis phearsanta a choinnítear fút a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta, sa chás go bhfuil a leithéid d’fhaisnéis mícheart, neamhiomlán nó míthreorach. Tugtar an ceart chomh maith go dtabharfaí cúiseanna duit i leith cinntí a rinne comhlachtaí poiblí, ar cinntí iad a bhfuil tionchar acu ort.
Dearbhaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise an ceart atá ag daoine den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir é sin i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart daoine aonair chun príobháideachta.
Tá a threoir Saorála Faisnéise féin foilsithe ag an Oifig.
Is é cuspóir na treorach seo rochtain ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh na hOifige seo a éascú trí chur síos a dhéanamh ar an méid seo
- na haicmí faisnéise a fhoilsímid nó a bhfuil sé ar intinn againn a fhoilsiú
- struchtúr agus feidhmeanna na hOifige
- sonraí faoi na seirbhísí a sholáthraímid agus cén chaoi ar féidir leas a bhaint astu
- faisnéis faoi na haicmí taifead atá á gcoinneáil againn, agus
- faisnéis faoi gcaoi le iarratas a dhéanamh orainn faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Srianta le feidhm an Achta
Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le taifead a bhaineann le hiniúchadh, cigireacht ná scrúdú arna dhéanamh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) faoi na hAchtanna um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 agus 1993, faoi na hAchtanna um an Roinn Státchiste agus Iniúchta, 1866 agus 1921, ná faoi aon achtachán eile seachas:
- taifead den sórt sin a cruthaíodh roimh thosach an iniúchta, na cigireachta nó an scrúdaithe, ná
- taifead a bhaineann le riar ginearálta Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Faisnéis a bhíonn ar fáil sa Ghnáthchúrsa
Cuireann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faisnéis ar fáil don phobal i ndáil lena feidhmeanna agus a gníomhaíochtaí. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil i gcónaí gan leas a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Cén chaoi lena bhféadaim Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh chuig Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste?
Ba chóir iarratas a dhéanamh, i scríbhinn nó tríd an ríomhphost, chuig:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
3A Sráid an Mhéaraigh Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.
D01 PF72
Fón: +353 (1) 863 8600
Ríomhphost: foi@audit.gov.ie
Ba chóir an méid seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais:
- Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
- An oiread eolais agus is féidir faoi na taifid atá á lorg;
- An fhormáid inar mian leat aon taifid a scaoilfear a fháil (m.sh. mar fhótachóipeanna)
Féadann comhalta foirne de chuid na hoifige cabhair a thabhairt duit, má theastaíonn sé uait, leis an iarratas a ullmhú.
Loga Nochtuithe Saorála Faisnéise:
Tá loga ar fáil ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina sonraítear na hiarratais éagsúla um shaoráil faisnéise a rinneadh chun na hoifige seo.