Féadtar ceisteanna imní i ndáil le riaradh airgid phoiblí ag comhlacht a thagann faoi scáth an ARC&C a ardú leis an Oifig. D’fhéadfadh sé go bhfolódh ceisteanna dá leithéid mí-úsáid cistí poiblí agus acmhainní nó nithe a bhaineann le luach ar airgead.
Glactar go dáiríre le gach ceist a ardaítear linn agus déantar gach iarracht aghaidh a thabhairt go cuí ar na ceisteanna a tharraingítear anuas.
Féadfaidh na ceisteanna a ardaítear teacht ó réimse foinsí
- Sceithirí (is é sin fostaithe de chuid comhlachtaí poiblí a dhéanann nochtuithe maidir le héagóir líomhanta ina n-ionad oibre) – féadtar na nochtuithe a dhéanamh leis an Oifig, nó go díreach le foireann na hOifige le linn iniúchta nó scrúdaithe. Féadfaidh an duine a dhéanann an nochtadh a bheith aitheanta nó anaithnid.
- Comhfhreagras (nó cineálacha eile cumarsáide) ó dhaoine a fhéadann a bheith ó dhaoine aitheanta nó a bheith gan ainm.
Tá ár polasaí foilsithe againn agus ba chóir iad a léamh go cúramach.
D'fhéadfadh sé tarlú gur ceart tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh ar scéal ach nach í an Oifig an comhlacht ceart chun tabhairt faoi imscrúdú. Mar shampla, is ábhar don Gharda Síochána é sárú ar an dlí coiriúil, nó is ábhar d’Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach é sárú ar an dlí cuideachtaí. I gcúinsí áirithe, féadaimid a mholadh duit go smaoineofá ar d’imní a chur faoi bhráid comhlacht (ainmnithe) ailtéarnach. I gcúinsí eile, féadfaidh sé go bhfuil sé cuí go gcuirfimid na hábhair imní go díreach chuig comhlacht cuí éagsúil.
Más mian leat ábhar imní a chur faoinár mbráid, féadtar é a dhéanamh ar an gcaoi seo
ag fónamh dúinn 01 8638600
nó scríobh chuig
An Rúnaí Príobháideach
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
3A Sráid an Mhéaraigh Uachtarach
Baile Átha Cliath 1 D01 PF72
nó ríomhphost a sheoladh privatesecretary@audit.gov.ie
Nuair a ardaíonn tú ceist linn, ba chóir duit an méid seo a leanas a chur ar fáil
- D’ainm (nó iarraidh ar rúndacht, más fearr leat é)
- Do shonraí teagmhála
- Ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí poiblí i ceist
- An oiread mionsonraí agus is féidir faoi na hábhair imní
- Má tá fianaise ar láimh, ba chabhair é sin don Oifig maidir le cinneadh measúnaithe a dhéanamh.
Más eol dúinn d’aitheantas agus do shonraí teagmhála, admhóimid do nochtadh taobh istigh de 7 lá oibre. Agus muid ag tabhairt freagra ar d’ábhar imní, tá cosc orainn faisnéis cliant iniúchóireachta a nochtadh, seachas an méid a bhfuil foráil dó sa reachtaíocht chuí. Is gnách seo a bheith i bhfoirm tuairisc don Oireachtas nó do lucht bainistíochta nó bord an chliantchomhlachta. Dá réir sin, ní féidir linn a insint duit faoi thorthaí an phlé a bhí againn leis an gcomhlacht ábhartha san earnáil phoiblí. Admhaímid go bhféadann sé seo a bheith ina ábhar míshásaimh. Mar sin féin, ní mór rúndacht a chinntiú.