Tabhair aiseolas dúinn faoinár gcuid oibre

Caighdeáin seirbhíse

Is é príomhsheirbhís na hOifige ná dearbhú neamhspleách a sholáthar do Dháil Éireann maidir le hiniúchtaí airgeadais agus tuairiscí ar ábhair ar nós luach ar airgead.

Agus muid ag tabhairt faoin ról seo, déanaimid idirghníomhú le comhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu chun an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil dóibh, agus ag an am céanna cabhrú le Dáil Éireann ina ról le comhlachtaí a ndéanaimid iniúchtaí orthu a thabhairt chun cuntais.

Agus muid ag seachadadh ár seirbhíse, táimid tiomanta don mhéid seo

  • freastal ar leas an phobail de réir ár sainordú reachtúil

  • iniúchtaí de réir na gcaighdeán cuí iniúchóireachta

  • cloí le cóid chuí eitice agus caighdeáin iompair

  • bheith cuiditheach agus riachtanais agus spriocanna na gcomhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu a aithint

  • ár gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil.

Seirbhísí nach gcuirimid ar fáil

Mar gheall ar ár sainordú reachtúil agus caighdeáin iniúchóireachta, ní dhéanaimid an méid seo

  • seirbhísí a chur ar fáil don phobal go díreach

  • seirbhísí a chur ar fáil nach mbaineann le ráitis airgeadais a iniúchadh nó luach ar airgead a mheasúnú

  • ráitis airgeadais a ullmhú do chomhlacht a ndéantar iniúchtaí air

  • seirbhís sainchomhairleoireachta a chur ar fáil

  • tuairim a thabhairt maidir le héifeachtacht na rialuithe inmheánacha i gcomhlachtaí a ndéantar iniúchadh orthu

  • iarraidh cásanna calaoise a shainaithint (cé go bhféadann siad seo teacht chun solais le linn iniúchta).

Cén chaoi le haiseolas a thabhairt dúinn

Féadtar ábhair imní a ardú maidir le rudaí, amhail

  • moilleanna le d’fhiosruithe agus iarratais a fhreagairt

  • láimhseáil ag, nó iompar ó bhall foirne

  • loiceadh cloí leis na rialacha agus nósanna imeachta mar is cuí.

Má tá aon ábhair imní agat, nó má tá tú míshásta faoinár seirbhísí ó lá go lá, pléigh é seo ar dtús leis an duine a raibh tú ag plé leo, nó leis an Iniúchóir Sinsearach ar an gcéad dul síos, agus déanfaimid iarracht d’ábhair imní a réiteach láithreach.

Má tá ábhar imní agat, nó má tá tú míshásta lenár seirbhís go ginearálta, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn ar na bealaí seo

Fón:

(01) 863 8600

Ríomhphost:

customerservice@audit.gov.ie

Seoladh Poist:

Rúnaí Príobháideach

Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

3A Sráid an Mhéaraigh Uachtarach

Baile Átha Cliath 1 D01 PF72

 

Freagraí ar ábhair imní

Admhóimid go bhfuarthas do chomhfhreagras laistigh de 7 lá oibre.

Déanfaimid scrúdú ar na hábhair imní uile a ardaítear i leith ár ngealltanais seirbhíse agus iarrfaimid freagra a thabhairt ar an ábhar substainteach chomh luath agus is atá praiticiúil. Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt laistigh de 30 lá, ach i gcásanna áirithe, féadfaidh sé go dtógfaidh sé seo níos faide.

 

Cabhraigh linn ár seirbhís a fheabhsú

D’fhorbraíomar ár gcaighdeáin seirbhíse trí phróiseas comhairliúcháin le comhlachtaí a ndéantar iniúchtaí orthu. Táimid tiomanta do thabhairt faoi shuirbhéanna um shásamh ó am go ham chun measúnú a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht fhoriomlán. Táimid tiomanta chomh maith dár n-aschur a fheabhsú agus is mór linn do thuairimí faoin gcaoi a bhféadfaimid feabhsú. Bainfimid úsáid as do chuid tuairimí le cinntiú go bhfuil an caighdeán is airde i gceist leis na hiniúchtaí a dhéanamid.