An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Is é cuspóir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ná a shonrú go mbunóidh agus go gcoinneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne um ghníomhaíochtaí Brústocaireachta – www.lobbying.ie. Is é an cuspóir atá leis ná faisnéis a chur ar fáil don phobal i ndáil le haitheantas na ndaoine a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaithe, ceisteanna reachtacha nó cinntí ionchasacha sonracha. Tá ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoin reachtaíocht treoir agus faisnéis a eisiúint agus tuiscint ar an reachtaíocht a chur ar fáil. I gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá treoir foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Oifigigh Ainmnithe

De réir an Achta, sonraítear thíos ainmneacha, gráid agus sonraí gearra faoi róil agus freagrachtaí na ‘nOifigeach Poiblí Ainmnithe’ in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Colette Drinan – Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchóireachta

Is í Collete an t-oifigeach Cuntasaíochta d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tá sí freagrach do Dháil Éireann agus d’Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste as riarachán ginearálta na hOifige, lena n-áirítear airgeadas agus buiséadú, rannóg na n-acmhainní daonna, TFC, foghlaim agus forbairt agus saoráidí, straitéis chorparáideach, tuairisciú agus comhpháirtíocht chorparáideach. Tá sí freagrach as iniúchóireachtaí cuntas leithreasa ranna agus oifigí an rialtais lárnaigh, iniúchóireacht a dhéanamh ar na cuntais airgeadais, iniúchóireachtaí san earnáil airgeadais a dhéanamh, agus iniúchóireachtaí ar chomhlachtaí Stáit eile a dhéanamh agus ceannas an Státchiste.

Andrew Harkness – Stiúrthóir Iniúchóireachta

Tá Andrew freagrach as iniúchtaí airgeadais sna hearnálacha leathstáit, sláinte, fiontar agus oideachais. Tá sé freagrach chomh maith as bainistiú a dhéanamh ar iniúchtaí a chur ar conradh agus ar aonad cáilíochta agus caighdeán na hOifige agus as clár léargas iniúchta na hOifige.

Deirdre Quaid – Stiúrthóir Iniúchóireachta

Tá Deirdre freagrach as tuairisciú feidhmíochta agus comhlíonta ar fud na hearnála poiblí, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil ar chuntais na seirbhísí poiblí agus na tuarascálacha speisialta go léir a fhoilsiú. Tá sí freagrach chomh maith as, i measc cúraimí eile, iniúchóireachtaí airgeadais an Chuntais ar Ioncam a Fuair an Stát, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Ciste Árachais Shóisialaigh agus an Coimisiún um Achomhairc Chánach. Is í Deirdre an Ardrúnaíocht d’Fhochoiste Iniúchóireachta Feidhmíochta Fhochoiste Gairmiúil Iniúchóireachta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta.