Tuarascálacha Speisialta
Le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009 ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste measúnú a dhéanamh, gach trí bliana, ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag NAMA maidir lena chuspóirí foriomlána a bhaint amach. Déantar measúnú sa (chúigiú) athbhreithniú seo ar dhul chun cinn NAMA i dtreo bhaint amach a chuid cuspóirí suas go dtí deireadh 2024.
Scrúdaítear sa tuarascáil seo an úsáid a baineadh as acmhainní poiblí le linn do chlár bonneagair Brexit a bheith á sheachadadh agus an chaoi a bhfuil an bonneagar a seachadadh á úsáid.
Breithníonn an scrúdú seo go mion saincheisteanna imní maidir le socruithe rialachais Iascaigh Intíre Éireann agus leordhóthanacht a chórais rialaithe inmheánaigh.
Cuireann an tuarascáil seo i láthair torthaí scrúdaithe ar cheannach réadmhaoine áirithe a fuair Ollscoil Luimnigh. Scrúdaigh sé ceannach maoine ag Cé Honan agus an éadáil maoine ina dhiaidh sin ag Rhebogue.
Ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009, measúnú a dhéanamh gach trí bliana ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i dtreo a cuspóirí foriomlána a bhaint amach. Is í seo an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear inti an dul chun cinn atá déanta ag GNBS maidir lena phríomhchuspóirí agus a phríomhspriocanna a bhaint amach go dtí deireadh 2021.
Tá próiseas rialaithe an Státchiste saindeartha lena chinntiú, maidir le cistí arna n-eisiúint ón bPríomh-Chiste ag an mBanc Ceannais, go ndéantar iad a eisiúint i gcomhréir leis an dlí. Sa tuarascáil seo, a ullmhaíodh de réir fhorálacha Alt 2 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, mionsonraítear teagmhas inar tharla mainneachtain i ndáil le heisiúint den sórt sin an 28 Deireadh Fómhair 2022, nuair a d’eisigh an Banc Ceannais suim chuig an Aire a bhí €738 milliún níos mó ná an méid creidmheasa a bhí ar fáil dó ag an am.
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo fionnachtana an scrúdaithe ar sholáthar éigeandála aerálaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcomhthéacs phaindéim Covid-19 in 2020. Moltar sa tuarascáil go ndéanfadh an Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe/an Oifig um Sholáthar Rialtais breithniú ar threoir phraiticiúil a fhorbairt do chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid réamhíocaíochtaí.
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na fionnachtana ó scrúdú a rinneadh ar sholáthar feithiclí tarrthála aille ag Garda Cósta na hÉireann. Teastaíonn roinnt athruithe ar nósanna imeachta soláthair na Roinne, go háirithe maidir le pleanáil straitéiseach le haghaidh riachtanais trealaimh agus le feabhas a chur ar phróisis agus nósanna imeachta na Roinne lena rialaítear bainistíocht soláthair agus seoladh cleachtaí tairisceana aonair.
Tugtar léargas sa tuarascáil seo ar thorthaí scrúdaithe ar rialachas agus tuairisciú airgeadais i mboird oideachais agus oiliúna. Bhí an scrúdú bunaithe ar chreat, ar a dtugtar samhail aibíochta bainistíochta airgeadais, atá forbartha ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun cabhrú le comhlachtaí na hearnála poiblí measúnú a dhéanamh ar a gcleachtais bhainistíochta airgeadais.
Ceanglaíonn Alt 226 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, gach trí bliana, an méid dul chun cinn atá déanta ag NAMA i ndáil lena cuspóir foriomlán a chomhlíonadh, a mheas. Is é seo an tríú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear sa tuarascáil seo dul chun cinn NAMA chomh fada is a bhaineann le gnóthachtáil a príomhchuspóirí agus a príomhspriocanna go dtí deireadh 2018.