An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Is é cuspóir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015, ná a shonrú go mbunóidh agus go gcoinneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne um ghníomhaíochtaí Brústocaireachta – www.lobbying.ie. Is é an cuspóir atá leis ná faisnéis a chur ar fáil don phobal i ndáil le haitheantas na ndaoine a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaithe, ceisteanna reachtacha nó cinntí ionchasacha sonracha. Tá ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoin reachtaíocht treoir agus faisnéis a eisiúint agus tuiscint ar an reachtaíocht a chur ar fáil. I gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá treoir foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe.
Oifigigh Ainmnithe
De réir an Achta, sonraítear thíos ainmneacha, gráid agus sonraí gearra faoi róil agus freagrachtaí na ‘nOifigeach Poiblí Ainmnithe’ in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Colette Drinan – Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchóireachta
Is í Collete an t-oifigeach Cuntasaíochta d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tá sí freagrach do Dháil Éireann agus d’Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste as riarachán ginearálta na hOifige, lena n-áirítear airgeadas agus buiséadú, rannóg na n-acmhainní daonna, TFC, foghlaim agus forbairt agus saoráidí, straitéis chorparáideach, tuairisciú agus comhpháirtíocht chorparáideach. Ina theannta sin, stiúrann sí an clár iniúchta feidhmíochta, chomh maith le hiniúchtaí airgeadais ar roinnt comhlachtaí Stáit.
Andrew Harkness – Stiúrthóir Iniúchóireachta
Tá Andrew freagrach as iniúchtaí airgeadais sna hearnálacha leathstáit, sláinte agus oideachais agus as iniúchadh agus tuairisciú in Ioncam agus Cosaint Shóisialta.