Torthaí cuardaigh do shóisialta

24 Torthaí ag teacht le do chritéir

icon-crossgovernment

Le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009 ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste measúnú a dhéanamh, gach trí bliana, ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag NAMA maidir lena chuspóirí foriomlána a bhaint amach. Déantar measúnú sa (chúigiú) athbhreithniú seo ar dhul chun cinn NAMA i dtreo bhaint amach a chuid cuspóirí suas go dtí deireadh 2024.

icon-crossgovernment

Tugadh faoin scrúdú seo chun léargas ginearálta a sholáthar ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais — a dtagraítear dó go ginearálta mar ‘Margadh Cothrom’ — i ndiaidh na chéad tréimhse deich mbliana a raibh an Scéim á feidhmiú lena linn. Áirítear leis seo athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí muirir seachtainiúla a ghearrtar ar chúram teach altranais a sholáthar, éileamh ar an Scéim a bhainistiú, measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí cónaitheoirí i dtreo chostas a gcúraim, agus Iasachtú an Stáit le cónaitheoirí teach altranais.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2017. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.