Fost-Anois-Inichra-faoi-Oiliint

Táimid ag earcú iniúchóirí faoi oiliúint faoi láthair, ar mian leo a bheith páirteach i bhfoireann ghairmiúil, thiomanta agus ardoilte chun freastal ar an bpobal trínár saothar  agus chun  tacú leis an bpróiseas cuntasachta poiblí. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Tar éis don Oifig deimhniú a fháil  mar ‘Great Place to Work’, don chúigiú bliain as a chéile, tugadh aitheantas di  ar liosta 2026 de ‘Ireland’s Best Workplaces™’  agus aithníodh í freisin mar cheann de na hionaid oibre is fearr in Éirinn ó thaobh sláinte agus folláine ar liosta  ‘Ireland's Best Workplaces for Health & Wellbeing™ 2026’.

Tabharfaidh obair don Oifig deis duit:

  • Bheith i do chuntasóir gairmiúil (nó leanacht ar aghaidh le d’fhorbairt má tá tú cáilithe cheana féin)
  • Dul i dteagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí agus institiúidí iniúchóireachta eile
  • Scileanna a fhoghlaim agus a fhorbairt le haghaidh gairme san iniúchóireacht, sa chuntasaíocht agus sa tseirbhís phoiblí.

Is éard atá i gceist le post an Iniúchóra faoi Oiliúint:

  • Obair mar  bhall d'fhoirne iniúchóireachta  a dhéanann iniúchtaí ar ráitis airgeadais bhliantúla comhlachtaí poiblí ar nós ranna/oifigí rialtais agus comhlachtaí státurraithe , comhlachtaí sláinte agus comhlachtaí oideachais.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar na córais rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm sna comhlachtaí iniúchta seo.
  • Páirt a ghlacadh in iniúchtaí tionscadail ar chláir shuntasacha nó ar réimsí suntasacha caiteachais.
  • Páirt a ghlacadh in athbhreithnithe tomhais feidhmíochta i Stiúrthóireacht Tuairiscithe na hOifige.
  • Páirt a ghlacadh  in iniúchtaí ar eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú poiblí.

Cuirimid na nithe seo leanas ar fáil:

  • Tuarastal tosaigh €42,541
  • Maoiniú agus saoire staidéir le haghaidh scrúduithe gairmiúla cuntasaíochta
  • Uaireanta oibre solúbtha
  • Rochtain ar shocruithe oibre hibridí (suas le 60% ón mbaile) tar éis tréimhse ionduchtúcháin ar an láthair
  • Teidlíochtaí pinsin
  • Forbairt gairme den scoth lena n-áirítear deiseanna ar ardú céime  taréis cáilíocht chuí a bhaint amach
  • Timpeallacht struchtúrtha foghlama agus forbartha chun príomhscileanna agus príomhinniúlachtaí a fhorbairt.

Bunriachtanais don phost ar nó roimh an 2 Samhain 2026*:

  1. Ní mór duit pas a bheith bainte amach agat sa chéad leibhéal de scrúduithe cuntasaíochta gairmiúla aitheanta i gcomhlacht cuntasaíochta atá faoi mhaoirseacht Údaráis Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA) (ACCA, AIA, CAI, CIMA, CIPFA),

  1. Ní mór duit bunchéim onóracha ag aicme 2.1 ar a laghad (Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) (nó cáilíocht choigríche chomhionann de réir NARIC Ireland) i gCuntasaíocht, i nGnó nó in Airgeadas,

  1. Ní mór duit a bheith i do chuntasóir cáilithe ag a bhfuil ballraíocht iomlán de chomhlacht cuntasaíochta forordaithe atá faoi mhaoirseacht  Údaráis Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA),

  1. Ní mór duit a bheith i do bhall de Theicneoirí Cuntasaíochta Éireann

*Tábhachtach: Tá iarratasóirí atá ag tnúth  go mbeidh cáilíocht acu — faoin 2 Samhain 2026 ar a dhéanaí — de réir mar a leagtar amach i bpointí 1 go 4 thuas, i dteideal iarratas a chur isteach  chomh maith.   Mura gcuirtear na cáilíochtaí riachtanacha ar fáil faoin dáta sonraithe, áfach, nó mura féidir iad a chur ar fáil faoin dáta sin, ní dhéanfar tuilleadh breithniú ar a n-iarratas ar an bpost.

Tuilleadh eolais

Ní mór iarratas a dheanamh ar líne trí www.publicjobs.ie.

Sula ndéantar iarratas, ní mór d’iarrthóirí “Cuntas Úsáideora” a bheith acu nó ceann a chruthú, ar www.publicjobs.ie.

Déanfaidh publicjobs bainistiú ar gach gné den tionscadal earcaíochta seo thar ceann Oifig an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste (OCAG).

Níor cheart aon fhiosrúcháin nó canbhasáil a dhéanamh go díreach chuig OCAG.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: 3 i.n. Déardaoin, an 17 Meán Fómhair 2026