Torthaí cuardaigh do shóisialta

24 Torthaí ag teacht le do chritéir

AndyHarkness

Is cuntasóir cáilithe é Andrew agus ball d’Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in Éirinn. Chuaigh sé isteach san Oifig ón tSeirbhís Chúirteanna agus tá breis agus 30 bliain taithí iarcháilíochta aige in iniúchadh airgeadais agus feidhmíochta. D'oibrigh Andrew ar réimse punanna iniúchta lena n-áirítear iniúchadh ar ranna rialtais láir agus comhlachtaí Stáit. Tá speisialaithe aige i rialachas, modheolaíochtaí iniúchta airgeadais agus caighdeáin tuairiscithe agus iniúchta airgeadais. Is iar-Oifigeach Cuntasaíochta don Oifig é. D’fhóin sé freisin mar bhall de Bhord Iniúchta an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Mar Stiúrthóir Iniúchóireachta tá sé freagrach as iniúchtaí airgeadais sna hearnálacha leath-stáit, sláinte, oideachais agus airgeadais. Tá sé freagrach freisin as an gclár conarthachta iniúchta agus as aonad caighdeáin agus clár léargas iniúchta na hOifige. Faoi láthair tá sé ina bhreathnadóir ar fhochoiste iniúchta airgeadais agus cuntasaíochta INTOSAI.

icon environment

Déantar athbhreithniú sa scrúdú seo ar an gcaoi lena bhforbraíodh an clár i dtéarmaí ama, costais agus seachadadh. Déantar scrúdú ann chomh maith ar an dul chun cinn i réimsí athnuachana eacnamaíche agus sóisialta, agus na dúshláin atá fós ann roimh chríochnú rathúil an chláir athnuachana.

icon-crossgovernment

Ceanglaíonn Alt 226 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, gach trí bliana, an méid dul chun cinn atá déanta ag NAMA i ndáil lena cuspóir foriomlán a chomhlíonadh, a mheas. Is é seo an tríú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear sa tuarascáil seo dul chun cinn NAMA chomh fada is a bhaineann le gnóthachtáil a príomhchuspóirí agus a príomhspriocanna go dtí deireadh 2018.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2016. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2019. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.

icon economyfinance

Ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009, measúnú a dhéanamh gach trí bliana ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i dtreo a cuspóirí foriomlána a bhaint amach. Is í seo an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear inti an dul chun cinn atá déanta ag GNBS maidir lena phríomhchuspóirí agus a phríomhspriocanna a bhaint amach go dtí deireadh 2021.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2024. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.