Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2025

D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2025.

Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil

  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
  • aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu

  • torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.

Tá an tuarascáil ar fáil thíos

Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2025:

1. Olltoradh airgeadais an Státchiste le haghaidh 2025

2. Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

3. Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

4. Cistiú d’údaráis áitiúla ón rialtas láir

5. Glanchostas na mbeart cobhsaíochta baincéireachta

6. Caighdeáin Chuntasaíochta an Rialtais Láir a chur i bhfeidhm

7. Dliteanais chánach a bhainistiú do dhaoine a bhfuil ardshaibhreas acu

8. Cáin ar thithe folmha

9. Cuntasaíocht vótaí agus bainistíocht buiséid sa bhliain 2025

10. Cuntasaíocht le haghaidh idirbhearta maoinithe an AE

11. Bainistiú réadmhaoine cónaithe ar le OOP iad

12. Seirbhísí comhroinnte bainistíochta airgeadais: dul chun cinn ar chur i bhfeidhm

13. Fógraí pionóis um muirear seasta a chealú mar gheall ar earráidí

14. Comhaontuithe cóiríochta réamhchonartha a chealú

15. Rialú buiséid do Vóta 26 Oideachas agus Óige

16. Pleanáil do leathnú na scéime béilí scoile te

17. Soláthar maoinithe aeráide do thíortha i mbéal forbartha

18. Soláthar chlár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

19. Dul chun cinn maidir le cuspóirí an chláir foraoiseachta a bhaint amach

20. Ró-íocaíocht i ndáil le deontais feithiclí leictreacha do mhúnlaí taispeána

21. Bainistiú cúitimh as scor den bhaint móna

22. Soláthar CPP a chealú maidir le tithíocht shóisialta

23. Dífheidhmeacht Feithiclí Armúrtha Oirbheartaíochta Éadrom

24. Rialtacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh

25. Scéim an liúntais speansas laethúil

26. Soláthar béilí scoile te

27. Comhroinnt leapacha géarmhíochaine meabhairshláinte d'othair chónaitheacha aosacha

28. Breisoideachas agus oiliúint éifeachtach a chur ar fáil