39 Results matching your Criteria
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na fionnachtana ó scrúdú a rinneadh ar sholáthar feithiclí tarrthála aille ag Garda Cósta na hÉireann. Teastaíonn roinnt athruithe ar nósanna imeachta soláthair na Roinne, go háirithe maidir le pleanáil straitéiseach le haghaidh riachtanais trealaimh agus le feabhas a chur ar phróisis agus nósanna imeachta na Roinne lena rialaítear bainistíocht soláthair agus seoladh cleachtaí tairisceana aonair.
Cuireann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na Cuntais Leithreasa, in éineacht lena dheimhnithe, faoi bhráid Dháil Éireann. Tugtar sna deimhnithe a thuairim maidir le cé acu an léiríonn nó nach léiríonn na cuntais na fáltais agus an caiteachas a bhaineann le gach Vóta mar is cuí.

Tugadh faoin scrúdú seo chun léargas ginearálta a sholáthar ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais — a dtagraítear dó go ginearálta mar ‘Margadh Cothrom’ — i ndiaidh na chéad tréimhse deich mbliana a raibh an Scéim á feidhmiú lena linn. Áirítear leis seo athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí muirir seachtainiúla a ghearrtar ar chúram teach altranais a sholáthar, éileamh ar an Scéim a bhainistiú, measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí cónaitheoirí i dtreo chostas a gcúraim, agus Iasachtú an Stáit le cónaitheoirí teach altranais.
Cuireann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na Cuntais Leithreasa, in éineacht lena dheimhnithe, faoi bhráid Dháil Éireann. Tugtar sna deimhnithe a thuairim maidir le cé acu an léiríonn nó nach léiríonn na cuntais na fáltais agus an caiteachas a bhaineann le gach Vóta mar is cuí.
Dírítear sa tuarascáil seo ar acmhainn na n-institiúidí ardoideachais (IAOanna) chun tionscadail tógála mhórscála a phleanáil, a bhainistiú agus a sholáthar ar sceideal, laistigh den bhuiséad agus i leith an chaighdeáin a theastaíonn. Rinne an t-athbhreithniú scrúdú ar dheich dtionscadal a críochnaíodh san earnáil ardoideachais.