Tuarascálacha Speisialta
Tugadh faoin scrúdú seo chun léargas ginearálta a sholáthar ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais — a dtagraítear dó go ginearálta mar ‘Margadh Cothrom’ — i ndiaidh na chéad tréimhse deich mbliana a raibh an Scéim á feidhmiú lena linn. Áirítear leis seo athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí muirir seachtainiúla a ghearrtar ar chúram teach altranais a sholáthar, éileamh ar an Scéim a bhainistiú, measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí cónaitheoirí i dtreo chostas a gcúraim, agus Iasachtú an Stáit le cónaitheoirí teach altranais.
Déantar athbhreithniú leis an tuairisc seo ar an mbealach a bhainistigh is a dhiúscaixr an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) punann iasachtaí ar ar tugadh Tionscadal Nantes. Scrúdaítear leis an tuairisc seo freisin cibé acu ar sháraigh an díolachán ceanglais alt 172 den Acht fán nGNBS.
Rinneadh athbhreithniú sa tuarascáil seo ar thráthúlacht tuairiscithe airgeadais san earnáil phoiblí agus díríodh go príomha ar ráitis airgeadais do thréimhsí a chríochnaigh i 2017. Tugtar achoimre san tuarascáil ar na ceisteanna a tugadh chun aird i dtuarascálacha iniúchóireachta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar ráitis airgeadais i leith 2017.
Dírítear sa tuarascáil seo ar acmhainn na n-institiúidí ardoideachais (IAOanna) chun tionscadail tógála mhórscála a phleanáil, a bhainistiú agus a sholáthar ar sceideal, laistigh den bhuiséad agus i leith an chaighdeáin a theastaíonn. Rinne an t-athbhreithniú scrúdú ar dheich dtionscadal a críochnaíodh san earnáil ardoideachais.
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a thuairim ar ráitis airgeadais 2015 BOOCDCM an 24 Nollaig 2018. Mar a foráladh dó faoi chuid 7(4) den Acht um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, eisíodh tuairisc fhorlíontach.
Ní ann d’aon fhoinse ar leith a thugann léargas ar idirbhearta airgeadais na hÉireann leis an Aontas, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le buiséad an Aontais, an maoiniú a fhaigheann sí, ceartúcháin airgeadais agus nithe eile a imríonn tionchar ar shreabhadh an airgid. Tá leagtha amach sa tuarascáil seo faisnéis ar idirbhearta airgeadais idir Éire agus an tAontas d’fhonn léargas cuimsitheach a thabhairt ar an scéal.
Déantar iniúchadh sa tuarascáil seo ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcaoi a ndearna Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge a leas i gcuideachta darb ainm FeedHenry Ltd. a fhorbairt agus a dhiúscairt.
Tuairisc é seo faoi luach saothair do bhaill foirne sinsearacha áirithe in Ollscoil Luimnigh agus in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. I measc na gceisteanna a scrúdaíodh, bhí dámhachtain blianta breise gairmiúla chun críocha pinsin in Ollscoil Luimnigh, ligean isteach baill foirne fochuideachta chun scéim pinsin Ollscoil Luimnigh agus láimhseáil íocaíochtaí scoir in Ollscoil Luimnigh agus in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh araon.
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i mí na Nollag 2009 mar chuid de fhreagra an Stáit ar ghéarchéim bhaincéireachta 2008. Sonraítear cuspóirí agus feidhmeanna NAMA san Acht um an gGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009. Déantar measúnú sa tuarascáil ar an méid dul chun cinn atá déanta ag an GNBS chun a chuspóirí foriomlána a bhaint amach.
Cuirtear samhail i láthair sa tuarascáil seo – an tsamhail um aibíocht bainistíochta airgeadais – rud a fhéadtar a úsáid chun deiseanna um fheabhsú a mheasúnú agus shainaithint i gcleachtais bainistíochta airgeadais in eagraíochtaí san earnáil phoiblí. Déantar cur síos sa tsamhail seo ar chleachtais agus ar fheasacht i leith bainistíocht airgeadais agus ceanglaítear iad leis na torthaí a bhféadfadh eagraíochtaí a bheith ag súil leo.