Tuarascálacha Speisialta
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar fheidhmíocht i Rannóga Éigeandála bunaithe ar thorthaí agus ar mholtaí réimse athbhreithnithe a rinneadh le linn na tréimhse 2002–2007.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar bhainistiú neamhláithreacht tinnis sa Státseirbhís.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar shocruithe riaracháin, maoinithe agus cuntasaíochta le haghaidh pinsin seirbhíseach poiblí.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar thrí réimse freagrachta de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna – an Scéim Feitheoireachta agus Ionadaíochta in Iar-Bhunscoileanna, Comhlíonadh Conarthaí Fostaíochta in Institiúidí Teicneolaíochta, agus an Coimisiún um Dhrochúsáid Leanaí a Fhiosrú.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar chaiteachas fógraíochta agus promóisin FÁS sa tréimhse 2002–2008. Rinneadh scrúdú ann ar an rialú buiséid ar caiteachas fógraíochta agus promóisin, an straitéis fhoriomlán faoinar caitheadh é, agus an méid a ndearnadh measúnú ar a héifeachtacht.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar dhá réimse freagrachta de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil – Seirbhísí Uisce agus Seachadadh Tithíochta ar Phraghas Réasúnta.
Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar na príomhsheirbhísí uile cóireála agus athshlánúcháin maoinithe go poiblí a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil andúil acu i ndrugaí neamhdhleathacha.
Rinneadh athbhreithniú sa scrúdú seo ar amscála, costas agus éifeachtúlacht trí cinn de mhórbhinsí fiosrúcháin atá ag teacht chun críche. Ba iad na binsí fiosrúcháin a ndearnadh scrúdú orthu ná Binsí Fiosrúcháin Mahon, Morris agus Moriarty.
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil speisialta seo ar bhainistiú Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an mbailiúchán náisiúnta ina bhfuil tuairim agus 4 mhilliún mír oidhreachta, go háirithe i ndáil le doiciméadú na mbailiúchán seo agus an rochtain atá ag an bpobal agus ag taighdeoirí orthu.
Déantar athbhreithniú sa scrúdú seo ar an gcaoi lena bhforbraíodh an clár i dtéarmaí ama, costais agus seachadadh. Déantar scrúdú ann chomh maith ar an dul chun cinn i réimsí athnuachana eacnamaíche agus sóisialta, agus na dúshláin atá fós ann roimh chríochnú rathúil an chláir athnuachana.