Tuarascálacha Speisialta
Déantar scrúdú sa tuarascáil seo ar íocaíochtaí airgead poiblí chuig an gCiste, agus ar an gcaoi a ndearnadh an Ciste a bhainistiú agus a úsáid.
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar an méid atá an próiseas fála iasachtaí curtha i gcrích, ar phróifíl chúlbhannaí foluiteacha na n-iasachtaí, agus an chaoi lena ndéanann NAMA bhainistiú ar a chaidreamh le hiasachtaithe.
Dhírigh an scrúdú seo ar nithe a éiríonn as iniúchtaí san earnáil oideachais.
Tugtar cuntas níos iomláine sa tuarascáil seo ar stádas foriomlán airgeadais agus ar riarachán an Údaráis, lena n-áirítear a infheistíocht sa láthair Irish Glass Bottle.
Ba é fócas na tuarascála seo ná athbhreithniú ar Éadáil Sócmhainní Bainc ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar scrúdú ar Bhainistíocht Acmhainní agus Feidhmíocht i seacht gcinn d’ollscoileanna Éireannacha.
Dhírigh an scrúdú seo ar íocaíochtaí ón gCiste Nuálaíochta Straitéiseach, ar na socruithe chun monatóireacht a dhéanamh ar fhreastal i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, agus ar na cúiseanna le róchaiteachas ar thionscadal forbartha caipitiúil in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí.
Is éard a bhí sa scrúdú seo ná athbhreithniú ar rialú inmheánach, rialachas agus nithe gaolmhara in FÁS thar an tréimhse 2002 go 2008.
Scrúdaítear sa tuarascáil seo freagra an Rialtóra Airgeadais ar Ghéarchéim an Mhargaidh Airgeadais.
Rinneadh an scrúdú seo ar an tSeirbhís Tástála Tiomána atá á riar ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.