Cé air a ndéanaimid iniúchtaí

Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais thar réimse leathan gníomhaíochtaí Stáit. Tá sé freagrach, go háirithe, as iniúchadh a dhéanamh ar an méid seo:

  • An Rialtas Láir 
         ◦ Cuntais Leithreasa
         ◦ Cuntais a bhaineann leis an gCiste Láir
         ◦ Cistí eile

  • Cistí arna riar ag Ranna Rialtais

  • Bailiú Ioncaim an Stáit

  • Comhlachtaí Státurraithe Neamhthráchtála

  • Comhlachtaí amhail Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéal eile, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí Sláinte agus Boird Oideachais agus Oiliúna

Tá na heintitis a ndearna an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh orthu, amhail Aibreán 2025, liostaithe de réir catagóire ar chlé.